Bradaí

Is éard is bradaí ann ná úsáideoir ríomhaire a dhéanann cumarsáid le húsáideoirí eile thar an Idirlíon go mailíseach le heolas pearsanta nó gnó faoi rún a fháil gan chead, agus go minic chun víreas a scaipeadh i mbogearraí is comhaid an ghlacadóra. Tá sé seo mídhleathach in an-chuid tíortha ach coitianta, ionas gur gá d'úsáideoirí a ríomhairí a chosaint le bogearraí balla dóiteáin.[1]

Is minic a thugtar haiceálaíhaiceálaí slándála ar dhuine den sórt seo sna meáin chumarsáide,[2][3] cé go bhfuil brí níos leithne ar an téarma sin, .i. duine a bhfuil ardscileanna ríomhaireachta acu a sháraíonn constaicí trí bhealaí cliste nó seiftiúla.[4]

Cineálacha

  • Bradaí (nó haiceálaí[5]) dubh: duine a bhriseann isteach i gcóras ríomhaireachta le rún mioscaise
  • Bradaí (nó haiceálaí[6]) liath: duine a aimsíonn laige slándála i gcóras nó i dtáirge ríomhaireachta chun aird na n-úinéirí a tharraingt ar an laige
  • Bradaí (nó haiceálaí[7]) bán: saineolaí ríomhaireachta fostaithe ag comhlachtaí chun briseadh isteach ina gcuid líonraí agus laigí slándála a nochtadh

Féach freisin

Tagairtí

🔥 Top keywords: