Idirlíon

Is líonra ríomhairí poiblí é an tIdirlíon, a nascann líonraí ríomhaireachta ar fud an domhain ag úsáid córais theileachumarsáide phoiblí.

Seoltar sonraí mar mheascán de chomharthaí analógacha (seanaimseartha anois) agus comharthaí digiteacha thar an Idirlíon.

Caithfear seoladh uathúil a bheith ag gach ríomhaire atá ceangailte go díreach leis an Idirlíon. Tugtar an seoladh IP air seo.

Seirbhísí

I measc na seirbhísí is mó a úsáidtear ar an Idirlíon, tá:

I measc na seirbhísí nach bhfuil in úsáid chomh mór sin níos mó, tá:

cinsireacht

Úsáidí

I measc na réimsí úsáide atá ag an Idirlíon, tá:

  • CumarsáidRíomhphost, seomraí comhrá, glór thar IP (VOIP), grúpaí nuachta, srl.
  • Siamsaíocht – Físeáin de gach saghas (pornagrafaíocht ach go háirithe), irisí ar líne, ceol ar líne, cluichí ar líne, srl.
  • "dúphoill"
    Eolas – Tá eolas ar chuile ábhar ar líne. Tá sé furasta go leor teacht air le hinnill cuardaigh
  • Ríomhthráchtáil – Siopadóireacht ar líne, seirbhísí bainc, ceantanna ar líne, srl.
  • Oideachas – Tá an ríomhfhoghlaim ina réimse atá ag fás go mór

Roghanna ceangal

Bíonn roinnt roghanna ar fáil le ceangal leis an Idirlíon. Níl gach rogha ar fáil i ngach áit. I measc na roghanna atá ar fáil, tá:

  • Leathanbhanda thar an gcóras fóin nó thar xhábla: Líne Dhigiteach Rannpháirtí (DSL)
    • Úsáidtear an córas teileafóin
    • Luas ard – 1 Mbps +
    • Ceangailte i gcónaí
    • Is féidir glaonna a dhéanamh ag an am céanna
    • Móideim DSL ag teastáil
    • Níl sé ar fáil go forleathan – caithfidh tú a bheith gar don mhalartán
    • Praghas ag ísliú de bharr iomaíochta ó sholáthraithe eile leathanbhand
  • Satailít/Gan Sreang
    • Roinnt soláthraithe ag cur seirbhísí gan sreang ar fáil
    • I gceantair áirithe, an t-aon rogha a bheadh níos sciobtha ná nasc dialaithe
    • Glacadóir speisialta nó mias satailíte ag teastáil
  • Nasc Dialaithe
    • Úsáidtear an córas teileafóin
    • Luas íseal – 56 Kbps ar a mhéid
    • Bíonn moill ceangail i gceist
    • Líne teileafóin gafa leis – ní féidir glaonna a dhéanamh ag an am céanna
    • Móideim ag teastáil
    • An t-aon rogha atá ar fáil i gceantair áirithe
    • Samplaí: do chomhlacht fóin
  • Líonra Digiteach de Sheirbhísí Comhtháite (ISDN)
    • Líne ISDN (éagsúil ón líne fóin) ag teastáil
    • ar fáil go forleathan in Éirinn
    • Móideim ISDN ag teastáil
    • Luas réasúnta –
      • 64 Kbps (líne shingil)
      • 128Kbps (líne dhúbailte)
    • Níl bhíonn moill ceangail ann
    • Sách daor má bhíonn an dá líne in úsáid
aithreacha an WWW ... Robert Cailliau, Jean-François Abramatic, and Tim Berners-Lee sa bhliain 2004

Stair ghairid

  • 1965 – Tosaíonn ARPA (Advanced Research Projects Agency - an Ghníomhaireacht um Tionscadail Forbartha Taighdear) ar an ARPANET a fhorbairt
  • 1969 – Déantar an céad 4 óstach a cheangal le ARPANET: Stanford Research Institute, UCLA, UC Santa Barbara agus University of Utah
  • 1971 – 23 óstach ar ARPANET
  • 1973 – Ceanglaítear roinnt óstaigh i dtíortha eile
  • 1974 – Deartar TCP/IP le húsáid ar ARPANET
  • 1981 – 213 óstach ar ARPANET. Breis líonraí neamhspleácha á cheangal. Cruthaíonn NSF (National Science Foundation) a líonra fairsing fhéin nach raibh ceangailte le ARPANET
  • 1982 – An téarma "Internet" luaite don chéad uair
  • 1983 – TCP/IP in úsáid go caighdeánach
  • 1986 – ARPANET agus NFSNET ceangailte
  • 1987 – Breis agus 10,000 óstach ar an Idirlíon
  • 1989 – Breis agus 100,000 óstach ar an Idirlíon
  • 1992 – An WWW scaoilte ag CERN
  • 1993 – An chéad bhrabhsálaí – Mosaic
  • 1994 – Bunaíodh Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda. A lán óstaigh agus líonraí nua á gceangal leis an tIdirlíon. Is féidir pizza a ordú ó Pizza Hut tríd!!!
  • 1996 – 10 milliún óstach
  • 1996 – 1998 – Borradh mór i gcúrsaí tráchtála ar an nGréasán Domhanda
  • 2000 – Pléascadh an .com
  • 2007 – Tá éileamh ar cheol (m.sh. iTunes), podchraoladh (m.sh. cláir raidió), VOIP (m.sh. Skype), blagáil (m.sh. IrishBlogs.ie), cláir feasacháin (m.sh. boards.ie), srl.

Féach freisin

Tagairtí

🔥 Top keywords: