Bratach na Síne

Is bratach dhearg le cúig réalta órga í bratach Daon-Phoblacht na Síne. Tá réalta mhór amháin sa chúinne ar chlé, agus ceithre réalta níos lú á timpeallú i leathchiorcal. Is ionann an dearg agus an réabhlóid chumannach, agus seasann na ceithre réalta do cheithre mhíle bliana na sibhialtachta Síní.

Bratach Dhaon-Phoblacht na Síne

Corruair, tugtar “Bratach Rua na Cúig Réalta” uirthi (Sínis simplithe: 五星红旗; Sínis traidisiúnta: 五星红旗; Pinyin: Wǔ Xīng Hóng Qí).[1]

Ba é Zeng Liansong, saoránach ó Rui'an, Zhejiang, a dhear an bhratach.

De bharr rialacháin rialtais, níl cead ag cathracha nó cúigí a gcuid bratach féin a bheith acu.

Tagairtí

🔥 Top keywords: