Campa báis Sobibór (an Pholainn)
Sluachampa géibhinn sa Pholainn le linn an Dara Cogadh Domhanda ab ea Campa Báis Sobibór.
Campa báis Sobibór | ||||
---|---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (de) Das Vernichtungslager Sobibor | |||
Ainmnithe in ómós | Sobibór, Lublin Voivodeship (en) | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Campa díothaithe agus campa géibhinn | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Gmina Włodawa, An Pholainn (en) | |||
| ||||
Catalóg | camps/2031 (EHRI authority control (en) , , ) | |||
Oibríocht
B'é an gnáthmhodh oibre i Sobibór ná na príosúnaigh a ghlasáil istigh i seomraí gáis lena dtachtadh le gás nimhe—Zyklon B (hidriginchiainíd) nó aonocsaíd charbóin a bhí i gceist. Ansin, ba nós corpáin na gcimí a chur trí thine i gcréamatóiriamaí móra.
I Sobibór, chaití na corpáin sa mhullach ar a chéile agus iad á ndó ansin. An luaith a gheibhtí mar seo, chuirtí sa talamh nó leis an ngaoth í.
Éirí amach
I Mí Dheireadh Fómhair 1943, d'éirigh ní b'fhearr leis na ceannairceoirí i Sobibór. Ar an 14 Deireadh Fómhair 1943, d'éirigh na príosúnaigh amach. Maraíodh aon fhear déag de chuid an SS agus roinnt gardaí as an Úcráin. D'éalaigh 300, agus tháinig fiú 58 acu slán as an gcogadh.
B'éigean an campa ar fad a dhúnadh i ndiaidh an eachtra seo.
Cúlra
Nuair a thosaigh an cogadh, rinneadh ár mór ar na Giúdaigh in áiteanna, agus le teacht na Nollag 1941, bhí Hitler meáite ar fad ar na Giúdaigh a chur de dhroim an tsaoil. I Mí Eanáir den bhliain 1942, cóiríodh Comhdháil Wannsee, mórchruinniú na mboc mór Naitsíoch, inar pléadh "Fuascailt Dheiridh na Faidhbe Giúdaí", Endlösung der Judenfrage.[1]
Thosaigh siad ag aslonnú phobal na ngeiteonna go dtí an seacht gcampa a bhí ceaptha mar Vernichtungslager nó sluachampaí báis ("díothú" is brí leis an bhfocal Gearmáinise Vernichtung): Auschwitz, Bełżec, Chełmno, Majdanek, Mały Traścianiec, Sobibór agus Treblinka.
Sa bhliain 1942, thosaigh an tréimhse ba mhó léirscrios den Uileloscadh le hOibríocht Reinhard, agus hosclaíodh na campaí báis i mBelzec, i Sobibór, agus i dTreblinka.