Ceolnodaireacht

Bealach nua-aoiseach chun ceol a scríobh amach ar 5 chliath (cliathnodaireacht). Is forbairt í ar an gcóras meánaoiseach i gcomhair caomhnú is craobhscaoileadh aonfhoirmeach na cantaireachta eaglasta. Suas go dtí an 13ú céad léirítí airde nóta ach níor léirítí a fhad. Nuair a tháinig an ilfónacht chun cinn sa Mheánaois dhéanach, bhí gá le nodaireacht a d'fhéadfadh fad a chur in iúl. Tá bealaí eile ann chun ceol a scríobh, ina measc bealaí nodaireachta táibléadaithe ina sainítear an gléas, an cipín méire agus gach rud eile atá le húsáid (mar a dhéantar le ceol giotáir inniu, mar shampla).[1]

Ceolnodaireacht

Tagairtí

🔥 Top keywords: