Pobal seachas Brabús
Is páirtí polaitiúil Éireannach é Pobal seachas Brabús nó an Comhaontas Pobal seachas Brabús uaireanta.[1][2] Tá sé comhdhéanta de bhaill de chuid na heite clé i bPoblacht na hÉireann agus Tuaisceart na hÉireann, a cuireadh ar bun i nDeireadh Fómhair na bliana 2005. Comhghuaillíocht ghinearálta chlé atá ann, atá i gcoinne an nua-liobrálachais, na cogaíochta ach níl ar bhaill bheith ina Marxaigh. Ar na baill tá Richard Boyd Barrett.
| |||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | PBP ![]() | ||||
Cineál | páirtí polaitíochta ![]() | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | an sóisialachas Trotscaíochas Eoraisceipteach ![]() | ||||
Ailíniú polaitíochta | Eite chlé ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | Deireadh Fómhair 2005 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Eile | |||||
Dath | ![]() | ||||
Suíomh gréasáin | pbp.ie ![]() | ||||
Conspóidí
Tharla aighneas sa Dáil i mí na Bealtaine 2024 le linn na díospóireachta ar rún a bhí curtha os comhair na Dála ag Pobal seachas Brabús maidir le neodracht na hÉireann agus 'na trí ghlas'.[3] Chocáil Seán Fleming, Fianna Fáil, a mhéar le Teachtaí Dála Phobal seachas Brabús agus dúirt trí huaire gur maidríní lathaí ag Vladimir Putin a bhí iontu.[4]
Féach freisin
- Pobal Roimh Bhrabús/Dlúthphairtíocht
- Trotscaíochas