Corraíl (réalteolaíocht)
teicníc le dul i ngleic leis an bhfadhb ilréad sa réalteolaíocht
Sa réalteolaíocht, aon chlaonadh beag i ngluaisne cothromaíochta rinn spéire mar thoradh ar réimse imtharraingthe ag feidhmiú air. Má bhíonn dhá rinn i gcomhfhithis timpeall a chéile, beidh fithis fhoirfe éilipseach acu. Má tharlaíonn aon chlaonadh ón rian éilipseach, ciallaíonn sé sin go bhfuil réad(a) eile i gceist freisin. Díreach tar éis do na réalteolaithe claonadh a bhrath i bhfithis Úránais, fionnadh Neiptiún i 1846.[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: