Déimeagrafaic na hÉireann

Daonra measta beagán le cois cúig mhilliún duine a bhí sa Phoblacht na hÉireann in Aibreán 2021, de réir figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh[1] agus 1.9 milliún i dTuaisceart Éireann,[2] beagnach seacht milliún duine in Éirinn san iomlán.

Pirimid Daonra na hÉireann i 2022
Daonra na hÉireann ó 1600
Dlús Dhaonra na hÉireann, 1992-96

Stair dhéimeagrafach

Luainigh daonra oileán na hÉireann go mór thar na blianta. Tháinig ardú mór i ndaonra na hÉireann sa 18ú haois agus sa 19ú haois de chúis an an Réabhlóid Talmhaíochta agus an Réabhlóid Thionsclaíoch. Sa leathchéad bliain idir 18790-1840 tháinig méadú faoi dhó ar an daonra ó 4 milliúin duine go 8 milliúin duine. Agus é ina bhuaic bhí dlús daonra na hÉireann ar chomhchéim le dlús daonra Sasana agus mór-roinn na hEorpa.

Bhí athrú ollmhór ar scéal ó thréimhse an Ghorta Mór i lár an 19ú haois ar aghaidh. Chailleadh an t-uafás bás den ocras agus chuaigh go leor eile ar imirce. I limistéir Phoblacht na hÉireann na linne seo, bhí tuairim is 6.5 milliúin duine i lár na 1840i. Bhí sé 5 milliúin deich mbliana ina ndiaidh. Tháinig laghdaigh mall agus leanúnach ar an daonra ón am seo ar aghaidh go dtí lár an 20ú aois agus an log thaifeadadh i nDaonáireamh Phoblacht na hÉireann i 1961.[3]

Poblacht na hÉireann

Bhí daonra 5.11 milliún sna 26 Contae sa bhliain 1851 agus 4.6 in 2011.

In Aibreán 2021, meastar go raibh 645,500 náisiúnach coigríche ag cur fúthu, sin 12.9% de dhaonra iomlán an Stáit.

Bhí daonra 1.43 milliún duine i mBaile Átha Cliath in Aibreán 2021, sin 28.5% de dhaonra iomlán an Stáit.

In Aibreán 2021, 742,300 ab ea daonra measta na ndaoine 65 bliain d'aois agus os a chionn sin, sin méadú 112,500 duine (17.9%) ar an aoisghrúpa seo ó Aibreán 2016.

Teangacha

Is iad seo na teangacha na hÉireann:

Naisc

Tagairtí

🔥 Top keywords: