Diúracán cúrsála
Saghas diúracáin a eitlíonn an t-am ar fad ar eití, agus a thiomáintear le hinneall is ocsaigin ón aer (mar ocsaídeán a mheascann le breosla in umar ar bord) is ea diúracáin cúrsála.
Sampla de | weapon functional class (en) |
---|---|
Tréithe | |
Le cuid | submarine-launched cruise missile (en) ground-launched cruise missile (en) |
Bíonn sciatháin air, is innill a fhuinnmhíonn é an t-am ar fad, ionas gur féidir leis a chúrsa a athrú chun díriú ar thargaid.
Stair
Diúracán mar seo ab ea an V-1 de chuid na Gearmáine sa dara cogadh domhanda, a úsáideadh chun Londain is cathracha eile sa Bhreatain a bhuamáil i 1944.
D'athbheoigh na Stáit Aontaithe an coincheap timpeall 30 bliain ina dhiaidh sin chun gnáthbhuamaí is buamaí núicléacha a sheoladh go saor ar spriocanna i gcéin, agus córas ríomhaire ar bord chun iad a dhíriú go cruinn.
Inniu
Faoi seo tá diúracáin cúrsála ag na Stáit Aontaithe ar féidir a lainseáil ón talamh, longa is fomhuireáin, agus an t-aer.[1]