Diamaighnéadas

Is éard is diamaighnéadas[1] ann ná iarmhairt mhaighnéadach is féidir a thomhas in an-chuid ábhar (uisce is copar, mar shampla) ina n-ailínítear na móimintí maighnéadacha, a ionduchtaítear le réimse maighnéadach a chuirtear i bhfeidhm ar an ábhar sa treo díreach os comhair treo an réimse sin.

Ábhar ar foluain go maighnéadach.

Éartar an t-ábhar ag foinse an réimse mhaighnéadaigh. Má bhíonn an réimse sin dian a dhóthain, is féidir réada a chur ar snámh san aer os cionn maighnéid (eadarbhuasú diamaighnéadach). Is sainiúil go mbíonn soghabhálacht mhaighnéadach dhiúltach ag ábhair dhiamaighnéadacha.[2]

Tagairtí

🔥 Top keywords: