Eoiginic
Iarmhairtí a fheabhsaíonn dúchas an chine dhaonna (nó a dhéanann dochar dó) is ea eoiginic, go fisiciúil is go hintleachtach, trí steiriliú, oideachas, fachtóirí sóisialta is a leithéid.
Stair
Francis Galton a chum an coincheap is an téarma i 1883. Bhí sé i gceist daoine nach raibh oiriúnach a chosc ó shíolrú, agus a mhalairt maidir le daoine a bhí oiriúnach.
Tharraing gluaiseachtaí polaitiúla a raibh polasaithe mar seo acu sa Ghearmáin is na Stáit Aontaithe sa chéad chuid den 20ú céad míchlú críochnaithe uirthi.
Cur in aghaidh
Ceistíodh an modh smaointeoireachta seo go héifeachtach i leabhair cosúil le Brave New World (Domhan Nua Dána, 1932) le Aldous Huxley, agus Nineteen Eighty-Four (Míle Naoi gCéad Ochtó Ceathair, 1949) le George Orwell.[1]
Lucht tacaíochta eoiginice
Féach freisin
Tagairtí
🔥 Top keywords: