Gabhar
Ainmhí ceansaithe is ea an gabhar (Capra hircus nó Capra aegagrus hircus). Mamach le crúba atá ann.
Capra hircus | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Mammalia |
Ord | Artiodactyla |
Fine | Bovidae |
Géineas | Capra |
Speiceas | Capra hircus Linnaeus, 1758 |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Téarmaí
Tugtar pocán nó pocaide gabhair ar an bhfireannach agus minseach ar an mbaineannach. Meannán a thugtar ar an ainmhí óg. Gobhar a deirtear i nGaeilge na hAlban.
Sanasaíocht
Sean-Ghaeilge “gabor”, Ceiltis *gabros, Ind-Eorpais *kapro- (pocán).
Seanfhocail
- Mura mbeadh agat ach gabhar, bí i lár an aonaigh leis.
- Cuir síoda ar ghabhar, agus is gabhar i gcónaí é.
- Is fearr marcaíocht ar ghabhar ná cóisíocht dá fheabhas.
- Má ligtear an gabhar isteach sa séipéal ní stadfaidh sé go haltóir.
- Eatartha atá sé adúirt an pocán gabhar agus é ag féachaint siar idir a dhá mhagairle.
Féach freisin
Naisc sheachtracha
- Eolaí Póca – Mamaigh, le Eleanor Lawrence (An Gúm Curtha i gcartlann 2020-08-13 ar an Wayback Machine) ISBN 185791161X.
- Póir (i mBéarla) Curtha i gcartlann 2008-09-25 ar an Wayback Machine
Tagairtí
🔥 Top keywords: