Henri Poincaré
matamaiticeoir, fisiceoir, innealtóir, agus fealsamh Francach
Matamaiticeoir a rugadh i Nancy na Fraince ab ea Jules Henri Poincaré (29 Aibreán 1854 – 17 Iúil 1912).
Chruthaigh sé teoiric na bhfeidhmeanna uathmhorfacha, bunaithe ar choincheapa ó thacartheoiric, geoiméadracht neamh-Eoiclídeach is teoiric na bhfeidhmeanna coimpléascacha. I 1899 chuir sé tús le teoiric an anoird. Thairg sé cuid mhaith bunchoincheapanna don toipeolaíocht, an triantánú is an homalógacht. Fuair sé bás i gPáras.[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: