Académie française

Comhairle teanga is ea L’Académie française (Gaeilge: Acadamh na Fraincise) a stiúrann an Fhraincis. Ba é an Cairdinéal de Richelieu a bhunaigh í sa bhliain 1635, rud a dhein sé i gcaitheamh réimeas Louis XIII. Tá sí ar cheann desna hinstitiúidí is ársa sa Fhrainc.

Bosca Sonraí EagraíochtaAcadémie française
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálcumann léinn
acadamh náisiúntach
rialálaí teanga Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibrean Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlínational public establishment of an administrative nature (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1635
29 Eanáir 1635
22 Feabhra 1635
Bunaitheoir(í)Cairdinéal de Richelieu Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Saothar suntasach
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
ArdrúnaíAmin Maalouf (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Rúnaí buan an Académie française
suíochán 15 den Académie française
suíochán 14 den Académie française
suíochán 13 den Académie française
suíochán 21 den Académie française
suíochán 23 den Académie française
suíochán 22 den Académie française
suíochán 24 den Académie française
suíochán 25 den Académie française
suíochán 12 den Académie française
suíochán 10 den Académie française
suíochán 5 den Académie française
suíochán 4 den Académie française
suíochán 11 den Académie française
suíochán 6 den Académie française
suíochán 8 den Académie française
suíochán 7 den Académie française
suíochán 9 den Académie française
suíochán 3 den Académie française
suíochán 26 den Académie française
suíochán 28 den Académie française
suíochán 17 den Académie française
suíochán 16 den Académie française
suíochán 40 den Académie française
suíochán 18 den Académie française
suíochán 20 den Académie française
suíochán 19 den Académie française
suíochán 36 den Académie française
suíochán 27 den Académie française
suíochán 39 den Académie française
suíochán 35 den Académie française
suíochán 30 den Académie française
suíochán 29 den Académie française
suíochán 38 den Académie française
suíochán 31 den Académie française
suíochán 33 den Académie française
suíochán 32 den Académie française
suíochán 34 den Académie française
suíochán 37 den Académie française
Leas-Chathaoirleach ar an Académie française
suíochán 1 den Académie française
Jean d'Ormesson (1973–)
Michel Déon (1978–)
Jean-Denis Bredin (1989–)
Hélène Carrère d'Encausse (1990–)
Michel Serres (1990–)
Pierre Rosenberg (1995–)
Marc Fumaroli (1995–)
Jean-Marie Rouart (1997–)
Érik Orsenna (1998–)
René de Obaldia (1999–)
Florence Delay (2000–)
Gabriel de Broglie (2001–)
Yves Pouliquen (2001–)
Pierre Nora (2001–)
Angelo Rinaldi (2001–)
Frédéric Vitoux (2001–)
François Cheng (2002–)
Valéry Giscard d'Estaing (2003–)
Dominique Fernandez (2007–)
Max Gallo (2007–)
Jean Clair (2008–)
Jean-Loup Dabadie (2008–)
Jean-Christophe Rufin (2008–)
Jean-Luc Marion (2008–)
Claude Dagens (2008–)
Simone Veil (2008–)
François Weyergans (2009–)
Amin Maalouf (2011–)
Danièle Sallenave (2011–)
Jules Hoffmann (2012–)
Dany Laferrière (2013–)
Michael Edwards (2013–)
Xavier Darcos (2013–)
Dominique Bona (2013–)
Marc Lambron (2014–)
Alain Finkielkraut (2014–)
Andreï Makine (2016–) Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deInstitut de France (1795–) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinacademie-francaise.fr Cuir in eagar ar Wikidata
Youtube: UCHVmUV06bYmHiOSsT0PcxZg Cuir in eagar ar Wikidata
L'Institut de France, áras ina bhfuil lonnaithe an Académie française.
Cardinal de Richelieu
Foclóir, 1835

Tá 40 ball inti agus is iad na baill atá inti cheana féin a thoghann baill nua.[1]

Feidhmeanna

De réir alt XXIV desna Statuts, is é "an phríomhfheidhm ag an Acadamh a bheith ag obair, chomh cáiréiseach is chomh dícheallach agus is féidir, chun rialacha chinnteacha a thabhairt dár dteanga agus chun fíortheanga líofa, teanga in ann na ceirdeanna agus na heolaíochtaí a chur síos, a dhéanamh di leis."[2]

In aice leis an ailt thuas, bíonn an Académie française ag déanamh freastail ar an bhFraincis. Le cois an fheidhm sin, bíonn an tAcadamh ina pátrún ar an teanga leis.

scigphictiúr sa bhliain 1834.... conspóideach i gcónaí

Freastal a dhéanamh ar an bhFraincis

D'oibrigh an tAcadamh san am atá thart le caoi a chur ar an teanga, chun oidhreacht choitianta a dhéanamh di do mhuintir na Fraince ar fad, agus dóibh siúd ar fad a labhraíonn an Fhraincis.

ball faoi éide ghléasta

Sa lá atá inniu ann, is é gá ná a cuid tréithe a choinneáil agus feigheal a dhéanamh ar fhorbairtí riachtanacha. Cuireann an tAcadamh úsáid mhaith in iúl.Déantar sin trí chruthú fhoclóir an Acadaimh Fhrancaigh (Dictionnaire de l'Académie française) a shocraíonn úsáid na teanga, ach freisin trína chuid comhairle agus tré bheith páirteach i gcoimisiúin éagsúla ar fhoclaíocht.

Patrúnacht

Cuireadh i ndán don eagraíocht an dara cuspóir - an phátrúnacht, nó coimirce ar obair liteartha - nár feiceadh a gá ag tús na heagraíochta, tré bhronntanais agus oidhreachtaí a tugadh di. Bronnann an tAcadamh tuairim is seasca duais litríochta 'chuile bhliain ar dhaoine.

Ba chóir Grand prix de la francophonie (Gaeilge: 'Duais Mór Réimse na Fraincise'), duais a bhronntar 'gach bliain ó 1986 i leith agus a thugann le fios suim leanúnach an Acadaimh i mbláthú na Fraincise sa domhain, a lua go háirithe.

Chomh maith leis sin, tugann an tAcadamh síntiúis do chumainn liteartha agus eolacha, do thograí charthanacha, do go leor clann i ngátar, do bhaintrigh, do dhaoine in ísle fabhair nó a rinne éacht lena dtabhairt féin suas ag cuspóir thábhachtach, chomh maith le roinnt sparáin (Sparáin Zellidja, Neveux, Corblin, Damade).

Stair

Chuir Cairdinéal de Richelieu an tAcadamh ar bun sa bhliain 1635. Cuireann na dlíthe agus rialacha a chuir an Cairdinéal ar aghaidh, chomh maith leis na lettres patentes a chuir Louis XIII a ainm leo sa bhliain 1635 agus a chláraigh an Pharlaimint sa bhliain 1637, a carachtar oifigiúil mar chomhlacht um fhir litreacha, a bhíodh ag teacht le chéile i mbealach neamhfhoirmiúil roimhe sin, ar bun.

B'é an misean a tugadh dó óna thús an Fhraincis a dhaingniú, rialacha a thabhairt di, agus í a fhágáil glan agus ion-tuigthe don uile dhuine. Uaidh sin, b'éigean dó tosú le foclóir a chumadh.

Foilsíodh an chéad eagrán de sin sa bhliain 1694, agus na cinn eile sna blianta 1718, 1740, 1762, 1798, 1835, 1878, 1932-1935, 1992. Tá an naoú cheann den fhoclóir á fhoilsiú faoi láthair.

Tionóladh an tAcadamh a chuid cruinnithe ar dtús i dteach duine éigin dá chuid ball, agus ina dhiaidh sin i chancelier Séguier ó 1639 ar aghaidh, sa Louvre ó 1672 ar aghaidh, agus ar deireadh i gColáiste na gCeithe NáisiúnCollège des Quatre-Nations, ar deineadh ceannáras an Acadaimh de, ó 1805 go dtí an lá atá inniu ann.

I rith na dtrí gcéad bliain go leith atá sé ar an saol, d'éirigh leis a chuid institiúide a choinneáil beo, agus d'fheidhmigh siad go rialta, seachas an mhíshocracht idir 1793 agus 1803.

D'fhógair an Cairdinéal de Richelieu mar chosantóir ar an Acadamh é féin. Ar a bhás, b'é an seansealéar Séguieran a thug an chosaint seo dó, agus ansin Louis XIV agus, as sin amach, na ríthe, impirí agus cinn stát ar fad ar an bhFrainc.

Na Déithe Buana (Les Immortels)[3]

Tá 40 baill san Acadamh ar a mhéad agus is iad na baill atáid ann iad féin a thoghann ball nua más gá. Óna thús anall, ghlac sé le níos mó ná 700 ball.

Tugann sé le chéile filí, úrscéalaithe, fir amharclainne, fealsúnaithe, dochtúirí leighis, fir eolaíochta, eitneolaithe, léirmheastóirí ealaíne, saighdiúirí, fir stát, agus fir Eaglaise, agus rinne gach duine acu maisiú ar leith ar an bhFraincis.

Óna dhéantús éagsúil, tugann sé pictiúir fíor den taileann, den intleacht, den chultúr, den tsamhlaíocht litreach agus eolaíoch atá mar bhonn ag le génie de la France.

Ón gcomhartha agus mana (« À l'immortalité ») atá ar an gclaidheamh a thug bunaitheoir an Acadaimh, an Cairdinéal de Richelieu, don Acadamh a thagann leasainm na scoláirí, na Déithe Buanales immortels.

1768, foclóir

Bíonn cleachtadh acu, agus tá go fóill, ar bhreithiúnais soiléir a thabhairt ar úsáid cheart focal, agus as sin ar na coincheapa agus na luachanna a iompraíonn siadsin a shainmhíniú. Tá a n-údarás morálta in ábhair teanga bunaithe in úsáid agus i dtraidisiún.

Dearadh an ionnar ghlas cháiliúil, a iompraíonn na scoláirí, leis an bicorne, an cába agus an chlaíomh, i rith suíomh shollúnta bliantúil an Acadaimh faoin Coupole, in aimsir an Consulat. Úsáidtear i measc baill go léir an Institut de France (Gaeilge: 'Institiúid na Fraince') é.Meastar go minic gur sórt choisreacan thar chách é toghadh duine go dtí an tAcadamh.

Is dínit atá buan ó aon athrú rialtas nó eile é feabhas scoláire. Ní féidir le haon duine éirí as an Acadamh. Ach is féidir leis an gcomplacht eisceachtaí a fhógairt mar gheall ar chúiseanna troma a lotann onór; b'fhíor-annamh na heisceachtaí le linn na staire.

Baill Reatha an Acadaimh

CathaoirBallDáta dá thoghadh

(dá toghadh)

Duine a chuir fáilte roimhe

(roimpi)

Dáta dá fháiltiú

( dá fáiltiú)

Óráid fháiltithe

agus Freagra[4]

1Claude Dagens17ú Aibreán 2008Florence Delay14ú Bealtaine 2009[*]
2Dany Laferrière12ú Mí na Nollag 2013Amin Maalouf28ú Bealtaine 2015[*]
3Jean-Denis Bredin15ú Meitheamh 1989Pierre Moinot17ú Bealtaine 1990[*]
4Jean-Luc Marion6ú Samhain

2008

Claude Dagens21ú Eanáir 2010[*]
5Andreï Makine3ú Márta 2016Dominique Fernandez15ú Mí na Nollag 2016[*]
6Marc Fumaroli2ú Márta 1995Jean-Denis Bredin25ú Eanáir 1996[*]
7Jules Hoffmann1ú Márta 2012Yves Pouliquen30ú Bealtaine 2013[*]
8Folamh
9Folamh
10Florence Delay14ú Mí na Nollag 2000Hector Bianciotti15ú Samhain 2001[*]
11Gabriel de Broglie22ú Márta 2001Maurice Druon7ú Feabhra 2002[*]
12Jean d'Ormesson18ú Deireadh Fómhair 1973Thierry Maulnier6ú Meitheamh 1974[*]
13Folamh
14Hélène Carrère d'Encausse13ú Mí na Nollag 1990Michel Déon28ú Samhain 1991[*]
15Frédéric Vitoux13ú Mí na Nollag 2003Michel Déon27ú Márta 2003[*]
16Valéry Giscard d'Estaing11ú Mí na Nollag 2003Jean-Marie Rouart16ú Mí na Nollag 2004[*]
17Erik Orsenna28ú Bealtaine 1998Bertrand Poirot-Delpech17ú Meitheamh 1999[*]
18Michel Serres29ú Márta 1990Bertrand Poirot-Delpech31ú Eanáir 1991[*]
19Jean-Loup Dabadie10ú Aibreán 2008Frédéric Vitoux12ú Márta 2009[*]
20Angelo Rinaldi21ú Meitheamh 2001Jean-François Deniau21ú Samhain 2002[*]
21Alain Finkielkraut10ú Aibreán 2014Pierre Nora28ú Eanáir 2016[*]
22René de Obaldia24ú Meitheamh 1999Bertrand Poirot-Delpech15ú Meitheamh 2000[*]
23Pierre Rosenberg7ú Mí na Nollah 1995José Cabanis14ú Samhain 1996[*]
24Folamh
25Dominique Fernandez8ú Márta 2007Pierre-Jean Rémy13ú Mí na Nollag 2007[*]
26Jean-Marie Rouart18ú Mí na Nollag 1997Hélène Carrère d'Encausse12ú Samhain 1998[*]
27Pierre Nora7ú Meitheamh 2001René Rémond6ú Meitheamh 2002[*]
28Jean-Christophe Rufin19ú Meitheamh 2008Yves Pouliquen12ú Samhain 2009[*]
29Amin Maalouf23ú Meitheamh 2011Jean-Christophe Rufin14ú Meitheamh 2012[*]
30Danièle Sallenave7ú Aibreán 2011Dominique Fernandez29ú Márta 2012[*]
31Michael Edwards21ú Feabhra 2013Frédéric Vitoux22ú Bealtaine 2014[*]
32François Weyergans26ú Márta 2009Erik Orsenna16ú Meitheamh 2011[*]
33Dominique Bona18ú Aibreán 2013Jean-Christophe Rufin23ú Deireadh Fómhair 2014[*]
34François Cheng13ú Meitheamh 2002Pierre-Jean Rémy19ú Meitheamh 2003[*]
35Yves Pouliquen29ú Samhain 2001Michel Mohrt30ú Eanáir 2003[*]
36Folamh
37Folamh
38Marc Lambron26 Meitheamh 2014Erik Orsenna14ú Aibreán 2016[*]
39Jean Clair22 Bealtaine 2008Marc Fumaroli18ú Meitheamh 2009[*]
40Xavier Darcos13ú Meitheamh 2013Jean-Loup Dabadie12ú Feabhra

2015

[*]

"An 41ú chathaoir"

Bhí go leor scríbhneoirí, cáiliúil go minic, nár éirigh leo ariamh dul trí gheataí an Acadaimh uasail, ar chúiseanna éagsúla, mar nárbh iarrthóirí riamh iad, mar nár glacadh lena n-iarratais, nó mar gur thóg an bás leis iad roimh a n-am. B'é Arsène Houssaye a cheap an t-ainm 41ú chathaoir chun na húdair sin a chur i gcéill i L'histoire du 41ème fauteuil de l'Académie française in 1885.

Tagairtí

Naisc sheachtracha

🔥 Top keywords: