Ibeach
cineál mamaigh
Gabhar storrúil tréadúil fiáin is sea an t-ibeach.[1][2][3]
Capra | |
---|---|
Capra ibex ♀ | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Mammalia |
Ord | Artiodactyla |
Fine | Bovidae |
Fofhine | Caprinae |
Géineas | Capra Linnaeus, 1758 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Tréithe
- Gabhar toirtiúil trom é seo a mbíonn airde 85-100 cm ag an ngualainn ann[4].
- Donn, donnghlas, nó liath a bhíonn an fionnadh cé gur éadroime dath an bhoilg. Fionnadh aondathach a bhíonn ar an aghaidh.
- Adharca móra a bhíonn ar an bpocán a lúbann siar[5]. Bíonn iomairí suntasacha orthu ar an dromchla leata tosaigh. Is lú adharca na minsí (minseach).
Speicis
- Ibeach na hÁise nó ibeach na Sibéire (Capra sibirica): ina chónaí i sléibhte na hÁise Láir agus in Iarthuaisceart na Himiléithe.
- Ibeach Alpach (Capra ibex): faightear sna hAlpa é agus i réigiúin sléibhtiúla eile san Eoraip.
- Ibeach Ibéarach nó an t-ibeach Spáinneach (Capra pyrenaica): thart ar 50,000 ina gcónaí i sléibhte Leithinis na hIbéire, na Piréiní, agus i ndeisceart na Fraince.
- Ibeach Núibiach (Capra nubiana): ina chónaí sa Meánoirthear, an tSúdáin, agus an Éigipt.
- Ibeach Aetópach (Capra walie): faightear i sléibhte na hAetóipe é
- Fiaghabhar nó ibeach Iarthar na hÁise (Capra aegagrus): sinsear an ghabhair cheansaithe, ina chónaí sa Tuirc agus Sléibhte Chugais san iarthar, go dtí an Tuircméanastáin, an Afganastáin agus an Phacastáin san oirthear.
Gnáthóg
Sna hAIpa, i sléibhte Tatra na Slóvaíce agus i sléibhte na Spáinne a bhíonn an t-ibeach le fáil. Cónaíonn sé ag airde an tsíorshneachta ar shléibhte na hÁise freisin.
Bíonn an t-ibeach aclaí cosdaingean ar thalamh géar dochach. Ina dtréada beaga a bhíonn na minseacha lena meannáin. Is nós leis na pocáin a bheith ina n-aonar.
Féar, toir bheaga, léicin, etc. a itheann an tIbeach. I sléibhte arda a chuireann sé faoi níos faide suas ná an seamaí go híondúil.
Seamaí (chamois).
Sa Chréit agus in oileáin eile de chuid na Gréige, faightear fiaghabhair a bhfuil an-dealramh acu leis an Ibeach. Is éadroime an fiaghabhar agus fionnadh breac a bhíonn air. Cruth bíse a bhíonn ar a adharca go minic.
Féach freisin
- Eolaí Póca – Mamaigh, le Eleanor Lawrence (An Gúm Curtha i gcartlann 2020-08-13 ar an Wayback Machine) ISBN 185791161X.
Tagairtí
🔥 Top keywords: