John McCain
Ba pholaiteoir agus shaighdiúir Meiriceánach é John Sidney McCain III (29 Lúnasa 1936 – 25 Lúnasa 2018) agus é ina sheanadóir leis an bPáirtí Poblachtach ón stát Arizona. An seanadóir sinsearach ó Arizona ab ea é.
Rinne McCain iarracht an uachtaránacht a bhuachaint sa toghchán don bhliain 2000, agus ar 28 Feabhra 2007 nocht sé go ndéanfadh sé iarracht eile sa bhliain 2008. Fuair sé an t-ainmniú Poblachtach nuair a bhí na toghcháin ar an 4 Márta 2008 críochnaithe.
Bhí sé i gcoimhlint le Barack Obama, rogha an Pháirtí Dhaonlathaigh, sa toghchán uachtaránachta. Ar 29 Lúnasa, 2008, d'fhógair sé gurb í Sarah Palin iarrthóir an Pháirtí Phoblachtaigh le haghaidh phost an Leas-Uachtaráin sa toghchán 2008. Ainmníodh í ag Comhdháil Náisiúnta na bPoblachtach in Saint Paul, Minnesota. Chaill McCain an toghchán. Duine neamhspleách a bhí ann agus labhair sé amach i gcoinne Donald Trump amanta.
Fuair sé bás de bharr ailse ar an 25 Lúnasa 2018.