Jonathan Swift
Scríbhneoir agus duine daonnachtúil Angla-Éireannach ab ea Jonathan Swift (30 Samhain 1667 – 19 Deireadh Fómhair 1745), a scríobh aoir, aistí, paimfléid polaitiúla (do na Fuigeanna ar dtús, agus ansin do na Tóraithe) agus filíocht.[1]
Beatha
Ba shagart Anglacánach a athair.
Tar éis a bhreithe i mBaile Átha Cliath i 1667, tógadh Swift idir Éire agus Sasana.[2] Agus in aois sé bliain dó, d’fhreastail sé ar choláiste Chill Cheannaigh agus níos déanaí ar Choláiste na Trionóide. Bhí Swift múnlaithe ag imeachtaí a óige agus ag a thógáil, mar a bhímid go léir, agus léirigh sé láidreachtaí agus castacht na féiniúlachta Angla-Éireannaí go hiomlán.[3]
Bhí sé mar rúnaí pearsanta do William Temple i Sasana ó 1688-1692l. Bhain sé máistreacht amach in Oxford (1694) agus fuair sé post mar shagart de chuid Eaglais na hÉireann i gCo. Aontroma. Ní raibh sé sásta fanacht ann áfach, agus sar i bhfad d’fhill sé ar Temple go dtí uair a bháis sa bhliain 1699.[2]
Níor fhan Swift i Sasana ró-fhada théis bás Temple; bhí naimhde á chothu aige lena scríbhneoireacht polaitíochta. Chuir sé faoi i mBaile Átha Troim, Co. na Mí, ach bheadh sé sall is anall ón Mhí go Sasana go rialta.
San am seo d’fhoilsigh sé The Tale of a Tub agus The Battle of the Books. D’éirigh a scríbhneoireacht níos polaitiúla le linn an tréimhse seo, agus ba mhór a cháin sé na Fuigeanna. Bhí sé ag súil go mbeadh ceapachán eaglaise aige i Shasana, ach ní raibh an Banríon Áine ró-cheannúil air. Sa bhliain 1713, ceapadh Swift ina Dhéan ar Ardeaglais Naomh Pádraig, i mBaile Átha Cliath. Fuair a chairde an post dó ach ach bhí díomá ar Swift ag an am.
Chas a chuid scríbhneoireacht i dtaobh cúis na hÉireann, Proposal for Universal Use of Irish Manufacture agus Drapier’s Letters, rud nach raibh an rialtas róshásta faoi. Cuireadh i leith go raibh cuid dá fhoilseacháin cealgach, ach anois bhí cuma mar 'tírghráthóir' na hÉireann air.
Thart ar an am seo, thosaigh sé ag scríobh a mhór-shaothar Camchuairt Gulliver, a foilsíodh i 1726.
Tháinig néaltrú ar Swift agus d'éag 19 Deireadh Fómhair 1745 i mBaile Átha Cliath.
Ar an 19 Meán Fómhair 1757, d’oscail an t-ospidéal síciatrach, Ospidéal Naomh Pádraig, le tiomnacht ó Jonathan Swift.
Gaeilge agus cúrsaí in Éirinn
Jonathan Swift a cheap go ndéanfadh díothú na Gaeilge níos sibhialta ‘the most barbarous’ againn.[4][5]
Bhí gorta sa tír i 1729, fágaim, an bhliain inar fhoilsigh Swift ‘A Modest Proposal’, leabhar inar mhol sé cinedhíothú ar Éireannaigh bhochta. “He uses satire to put forward his own views....He put into words what everyone else was thinking.[6]” Ní tírghráthóir a bhí ann, ach fear a bhí glan in aghaidh shaíocht agus theanga na nGael.[7] “A barbarous culture,” a thug sé air. “He castigated the Irish poor, describing them as beggars, thieves and wife beaters in his sermons ...[7] Ach ag an am céanna, thiomnaigh sé an mhaoin lenar bunaíodh Ospidéal Naomh Pádraig i ndiaidh a bháis.
Bhí an Dochtúir Patrick Delany, cara le Jonathan Swift, ar dhuine de na daoine a raibh aithne ag an file, Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin, orthu. Is mar gheall air sin a leagtar an t-amhrán An Breathnach ar Chearbhallán, a bhaineann le hiníon Swift, a phós ‘an Máistir Walsh’.[8]
Saothar
Cuimhnítear Swift mar an duine a scríobh na leabhair iomráiteacha seo a leanas:
- Gulliver's Travels,
- A Modest Proposal,
- A Journal to Stella,
- Drapier's Letters,
- The Battle of the Books,
- An Argument Against Abolishing Christianity agus
- A Tale of a Tub.
"Is iontach an rud é ... go bhféadfadh duine a tháinig chun suntais trí chéad bliain ó shin draíocht fós a imirt ar dhaoine agus go mbeadh moladh ag daoine dó i gcónaí. Is léiriú é sin ní amháin ar a tháirgeadh liteartha, ar litríocht í a bhí substainteach agus a raibh tionchar aici chomh maith; ach thairis sin, is léiriú é ar an rómánsaíocht, ar an leochaileacht agus ar na conthrarthachtaí a bhí san fhear é féin, ina shaol pearsanta, lena n-áirítear tomhas an chaidreamh a bhí aige le Stella agus Vanessa."[9]
Aoir
Aicmítear Swift mar dhuine de na aorthóirí próis ba mhó i stair an Bhéarla, agus suas chun dáta i gcónaí. Mar shampla, sa leabhar Gulliver’s Travels, cuireann rí na Houyhnhnm ceist ar an gcuairteoir ait mar gheall ar a thír dhúchais. Cé atá i gceannas ann? Déanann Gulliver cur síos ar Phríomh-Aire na Breataine agus a thréithe.[10][11]
Níl an clú céanna air mar fhile. Sa chéad áit, d'fhoilsigh Swift gach rud dá chuid scríbhneoireachta faoi ainmneacha cleite, ar nós Lemuel Gulliver, Isaac Bickerstaff, M.B. Drapier, agus uaireanta eile gan ainm ar bith.
Féach freisin
- Na Fuigeanna