Joseph Banks
luibheolaí Sasanach
Luibheolaí a rugadh i Londain ab ea Joseph Banks (24 Feabhra 1743 – 19 Meitheamh 1820). Bhí Banks páirteach i ngrúpa eolaíochta a thug turas ar Thalamh an Éisc sa bhliain 1766. Bhí sé ar aistear James Cook timpeall an Domhain i 1768-1771, agus i 1772 rinne cuairteanna taighde luibheolaíochta ar Inse Ghall is an Íoslainn. Mar uachtarán ar an gCumann Ríoga (1778–1819) spreag sé cuid mhaith forbairti eolaíochta.[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: