Is músaem i Londain Shasana é Músaem na Breataine atá tiomnaithe do stair agus chultúr an chine dhaonna. Tá 8 milliún mír i mbailiúcháin an mhúsaeim agus tagann siad as gach cearn den domhan.
Cuireadh Músaem na Breataine ar bun sa bhliain 1753, é bunaithe sa chuid ba mhó ar bhailiúcháin Sir Hans Sloane, lia agus eolaí. Cuireadh fáilte roimh an bpobal go dtí an Músaem ar 15 Eanáir 1759 agus é suite i dTeach Montagu i mBloomsbury. Tá an músaem ar oscailt gach lá ó 10:00 r.n. go 5:00 i.n.[1]