Jules Bordet
Fiseolaí a rugadh i Soignies na Beilge ab ea Jules Jean Baptiste Vincent Bordet (13 Meitheamh 1870 – 6 Aibreán 1961). Sa bhliain 1906 d'fhionn sé an miocrób, cocabachaillín (ar tugadh Bordetella air) atá freagrach as an triuch. D'aithin sé na fachtóirí imdhíonacha i séiream na fola, agus d'fhionn ailéisín, gníomhaí frithbhaictéarach sa bhfuil a ghlacann páirt sa chóras imdhíonach. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1919.[1]
Tagairtí
Naisc sheachtracha
🔥 Top keywords: