Julia Child
Cócaire, údar agus pearsantacht Meiriceánach ab ea Julia Carolyn Child (née McWilliams; 15 Lúnasa 1912 – 13 Lúnasa 2004). Cuimhnítear uirthi as cócaireacht na Fraince a chur os comhair na ndaoine sna Stáit Aontaithe lena leabhar cócaireachta úd, Mastering the Art of French Cooking, agus leis na cláracha teilifíse léi a tháinig ina dhiaidh, go mór mór The French Chef, a chuaigh ar an aer den chéad uair sa bhliain 1963.
Ainm sa teanga dhúchais | (en-us) Julia Carolyn Child |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (en-us) Julia Carolyn McWilliams 15 Lúnasa 1912 Pasadena, California |
Bás | 13 Lúnasa 2004 91 bliana d'aois Santa Barbara, California |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Cliseadh duán) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Smith Le Cordon Bleu (en) The Branson School (en) Polytechnic School (en) |
Airde | 1.88 m |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Washington, D.C. (1945–1945) Chongqing (1945–1945) Kandy (en) (1944–1945) Washington, D.C. (1942–1944) Beverly Hills (1935–1939) |
Gairm | láithreoir teilifíse (1963–2000), scríbhneoir (1961–), cócaire (1949–), cúntóir riaracháin (1944–1945), cléireach (1943–1944), cúntóir taighde (1942–1943), clóscríobhaí (1942–1942), cóipscríbhneoir (1935–1939) |
Tréimhse oibre | 1935 – |
Fostóir | Office of Strategic Services (en) (1942–1945) W. & J. Sloane (en) (1935–1939) |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne |
|
Teaghlach | |
Céile | Paul Cushing Child (1946–1994) |
Athair | John McWilliams Jr. agus Julia Carolyn Weston |
Gradam a fuarthas
| |
|
Luashaol agus oideachas
Mar Julia Carolyn McWilliams a rugadh Child in Pasadena, California, iníon John McWilliams, Jr., céimí Ollscoil Princeton agus bainisteoir talún, agus a bhean chéile, Julia Carolyn ("Caro") Weston, oidhrí comhlacht mhór páipéira raibh a hathair féin ina leasghobharnóir ar Massachusetts. Ba í Julia an duine ba shine de thriúr páistí[1]: John McWilliams III (1914–2002) a deartháir, agus Dorothy Dean Cousins (1917–2006) a deirfiúr.
Chuaigh Child ar scoil i gCalifornia, ar scoil chónaí i gcás na hardscoile, an Branson School in Ross, California[2] Bhí Child sé throigh (1.88m) ar airde agus go maith ag spóirt; d'imir sí leadóg, galf, agus cispheil agus í ina páiste agus i gColáiste Smith ní ba dhéanaí.[3]
Agus Julia ag fás aníos bhí cócaire ag a teaghlach sa teach, ach níor fhoghlaim sí aon chócaireacht ón gcócaire. Dhéanadh a seanmháthair taoschnónna agus crullers. D'fhoghlaim Child an chócaireacht i ndiaidh bualadh le Paul, mar b'as teaghlach eisean a chuir an-spéis i mbia.[4]
Nuair a bhí a céim tríú leibhéil bainte amach aici, thug Child aghaidh ar Chathair Nua-Eabhrac. D'oibrigh sí mar chóipscríbhneoir i roinn na fógraíochta ag W. & J. Sloane, gnólacht a dhíol troscán do dhaoine rachmasacha. D'fhill sí go California i 1937, agus chaith sí cheithre bliana ag scríobh d'fhoilsicháin áitiúla, agus ag obair go deonach le Junior League Phasadena.[5]
Gairmshaol
Le linn an Dara Cogadh Domhanda, rinne Julia Child iarracht dul isteach sna ranna ban san Arm (na "WACs") aus san Chabhlach ("WAVE"s) ach theip uirthi os rud í a bheith ró-ard. Sa deireadh, fuair sí post san OSS (an Oifig Fhaisnéise Rúnda). Chuir an OSS í go Kunming, sa tSín, agus ba ansin a chuir sí aithne ar an bhfear a phós sí, Paul Cushing Child, a bhí fostaithe ag an OSS freisin. Chaith siad tamall ag obair in Kandy, sa tSiolóin (Srí Lanca inniu).
Tagairtí
Naisc sheachtracha
- Cistin Julia Child ag an Smithsonian Institution, arna rochtain ar 27 D.F. 2016