Taoschnó
Is císte beag friochta é an taoschnó (doughnut), déanta as taos meala.[1] Tá an taoschnó i gcruth fáinne go minic (mura bhfuil taoschnónna lán suibhe é).
Ainmneacha eile noms | beigne |
---|---|
Sonraí | |
Cineál | milseog, viennoiserie (en) , mias, fritter (en) , bánh (en) agus fried dough (en) |
Múnlán | tóras |
Modh ullmhúcháin | deep frying (en) |
Príomh-chomhábhair | plúr cruithneachta, práta, ubh, púdar bácála agus siúcra |
Cócaireacht
Déantar taos (plúr, uibheacha, siúcra agus comhábhair eile a mheascadh le chéile) chun taoschnónna a dhéanamh. Tá raimhre an taois tábhachtach.
Maisítear taoschnónna le rudaí éagsúla ar nós subh, siúcra, seacláid agus ábhair eile nach iad.
Itear taoschnónna de ghnáth mar mhilseog nó mar scroid.
Sláinte
Bïonn taoschnó ar cheann de na rudaí is measa a thabharfá do pháiste le n-ithe, agus na tuismitheoirí comhpháirteach sa bhfiontar.[3] Mar shampla,[2]
“Taoschnónna te ón oigheann. Cinn Mheiriceánacha. Díoltar i mboscaí iad. Dosaen i ngach bosca. Tá an-ráchairt go deo orthu. Tá daoine áirithe ag ceannach sé nó seacht gcinn de bhoscaí agus á n-alpadh i bhfigiúirí dúbailte ar an turas abhaile sa ghluaisteán, deirtear. Tá daoine ag tiomáint ó Thír Chonaill, ó Luimneach, ó Chorcaigh chun iad a fháil. Fiú tá muintir Dheisceart na Cathrach seo ag trasnú abhainn na Life chun iad a fháil, an gcreidfeá é? Tá an-éileamh go deo orthu . . .”[3]
Stair
Thosaigh an Salvation Army ag bacáil taoschnónna ar feadh an Chogaidh Cathartha na Stát Aontaithe.
Cultúr
Ceiliúrtar Lá Náisiúnta an Taoschnó gach bliain sna Stáit Aontaithe ar an 2 Meitheamh.