Lascghéagán

Is éard is lascghéagán[1][2] (nó lascnaid[3]) ann ná struchtúr, cosúil le lasc, a fhaightear ar chuid de na baictéir agus cuid mhaith orgánach le núicléas scoite a chuimsíonn an t-ábhar géiniteach. Feidhmíonn na lascnaidí chun an t-orgánach a thiomáint is a ghluaiseacht, ag rothlú i gcás na mbaictéar, ag guagaíl i gcás na gceall eile. Ar na horgánaigh dheireanacha seo, bíonn dhá shaghas lascnaide: cineál mín, cosúil le fuip, agus cineál atá cosúil le tinsil le sraitheanna gruaige ar a fhad.[4]

Tagairtí

🔥 Top keywords: