Núicléas cille
Fochuid den chill bhitheolaíoch ina bhfuil na géinte atá comhdhéanta as móilíní DNA cornaithe ina gcrómasóim. Stiúrann núicléas na cille fás, meitibileacht is atáirgeadh na cille. Tá na treoracha sna crómasóim chun próitéiní a thógáil trí bhíthin RNA taobh amuigh den núicléas sa chíteaplasma. Bíonn scannán dúbailte idir an cíteaplasma agus an taobh istigh den núicléas. Tá an núicléas riachtanach do bhuaineadas fadtréimhseach na cille. Ní bhíonn sé ann ar feadh tamaill le linn cilldeighilte, agus cailltear é i gcealla áirithe fásta, cosúil leis na heiritricítí (cealla dearga na fola).[1]
Cuid de | cill eocarótaigh |
---|---|
Aitheantóirí | |
MeSH | D002467 |
TH | H1.00.00.0.00003, H1.00.01.2.00001 |
FMA | 63840 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/nucleus-biology |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Tagairtí
🔥 Top keywords: