Leo Esaki
fisiceoir Seapánach
Fisiceoir a rugadh in Ósaca na Seapáine is ea Reona Esaki nó Leo Esaki (12 Márta 1925). Agus é ag obair i gcomhlacht Sony i 1957 cheap sé dé-óid Esaki (an dé-óid tolláin), feiste leathsheoltach a úsáideadh go forleathan i ríomhairí leictreonacha is córais mhicreathonnacha.
Ainm sa teanga dhúchais | (ja) 江崎玲於奈 |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 12 Márta 1925 99 bliana d'aois Takaida |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Thóiceo Ollscoil Kiótó Third Higher School (en) |
Áit chónaithe | an tSeapáin |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fisic |
Gairm | fisiceoir |
Fostóir | Ollscoil Kiótó Kwansei Gakuin University (en) Sony Yokohama College of Pharmacy (en) Institiúid Teicneolaíochta Shibaura Ollscoil Tsukuba IBM Thomas J. Watson Research Center (en) |
Ball de | |
Teangacha | An tSeapáinis |
Gradam a fuarthas
| |
Chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe i 1960 ag obair i gcomhlacht IBM, agus rinne saothar ceannródaíoch ansin ar fheiste a bhí bunaithe ar loig chandamacha is forlaitísí.
Roinn sé Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1973 le Ivar Giaever is Brian Josephson as an saothar ar fheiniméin tolláin.[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: