Maratón Átha Cliath
Maratón bliantúil a ritear i mBaile Átha Cliath is ea Maratón Átha Cliath. De ghnáth, tionóltar é ar an Luan deireanach de mhí Dheireadh Fómhair (is lá saoire é in Éirinn) cé gur tionóladh an maratón an lá roimhe sin sa bhliain 2015.
Cineál | maratón imeacht spóirt féiltiúil ![]() |
---|---|
Bailíocht | 1980 - |
Suíomh | Baile Átha Cliath, Éire ![]() |
Tír | Éire ![]() |
Spórt | lúthchleasaíocht ![]() |
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/67/John_Bolger_Dublin_Marathon_190.jpg/220px-John_Bolger_Dublin_Marathon_190.jpg)
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/3d/Time_is_the_most_important%2C_Dublin_Marathon_2006_%28283595888%29.jpg/177px-Time_is_the_most_important%2C_Dublin_Marathon_2006_%28283595888%29.jpg)
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/cc/The_wheelchair_race_starts_%28283909509%29.jpg/177px-The_wheelchair_race_starts_%28283909509%29.jpg)
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/41/Mara06_Raelkyara_and_Johannes.jpg/220px-Mara06_Raelkyara_and_Johannes.jpg)
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/7c/Dublin_Marathon_2015_race_t-shirt.png/177px-Dublin_Marathon_2015_race_t-shirt.png)
Leanann an maratón bealach atá réasúnta mín. Tosnaíonn na reathaithe ag Cearnóg Mhic Liam, i lár na cathrach, agus críochnaíonn siad i gCearnóg Mhuirfean. Ní athraítear cúrsa an mharatóin ach beagáinín ó bhliain go bliain. Le tamall de bhlianta anois, téann an rás i dtreo tuathalach timpeall na cathrach, píosa de trí Pháirc an Fhionnuisce.
Stair
Noel Carroll, fear gnó, a chuir an chéad mharatón ar bun sa bhliain 1980.
Sa bhliain 2007 ghlac timpeall is 11,000 duine páirt ann, a leath díobh ó thíortha eile.
Sa bhliain 2015, ba é Alemu Gemuchu, ón Aetóip, a bhuaigh rás na bhfear. 2:14:02 an t-am a bhí aige. Ba í Nataliya Lehonkova, ón Úcráin, a bhuaigh i measc na mban agus 2:31:09 aicise.
Cuireadh maratón na bliana 2020 ar cheal de bharr na ráige COVID-19.[1]