Moráltacht

Ar leibhéal bunúsach, deirtear uaireanta go mbaineann an mhoráltacht le ceart agus mícheart, le maith agus olc nó le maitheas agus olcas.  Mar sin is leis na bearta a dhéanann duine a bhaineann an mhoráltacht. Ach chun a bheith morálta dá bhrí sin, caithfear a mheas cad tá maith/ceart agus gníomhú ar an mbreithiúnas sin. Tá tionchar ar ár mbearta ag an tuiscint atá againn ar cad is moráltacht ann.[1]

Íomhá:An illustration of Moral foundations Theory created by Aprilia Muktirina.jpg

Is é is brí le bheith morálta mar sin ná an rud ceart/maith a aithint agus feidhmiú de réir an bhreithiúnais seo. Is iomaí ní a imríonn tionchar ar an duine agus é ag teacht ar bhreithiúnas.[2] Tá cuid acu sin, is dócha, uilí go maith. Bíonn breithiúnas an-chuid daoine, mar shampla, faoi cad is maith agus olc ann faoi anáil dhlí na tíre. Ar na tionchair eile tá: tionchar an chultúir ina maireann an duine, an teaghlach inar tógadh é, a chuid oideachais, cúrsaí creidimh agus eachtraí suaithinseacha a shaoil. Tharlódh, mar shampla, go measfadh duine rud áirithe a bheith mícheart amach is amach ní hamháin toisc é a bheith mícheart i súile an dlí, i súile thraidisiún a theaghlaigh, a chultúir agus a chreidimh ach toisc chomh maith gur tharla rud éigin dó féin

Aibíocht na moráltachta

Baineann aibíocht na moráltachta le tuiscint an duine ar a chuid roghanna agus a chuid gníomhartha – ina leith féin agus i leith daoine eile. Bíonn tuiscint ag an duine atá aibí i dtéarmaí moráltachta ar a fhreagracht ina leith féin agus i leith na ndreamanna a bhfuil baint aige leo.[3]

Is mó an tionchar ar an moráltacht a bhíonn ag cúrsaí intreacha (e.g. tuairimí pearsanta, creideamh reiligiúnach, agus an tábhacht a bhaineann le caidreamh le Dia agus le daoine eile) seachas ag cúrsaí seachtracha (e.g. luach saothair/pionós nó moladh/cáineadh).

Is mó gur mothálacht mhorálta seachas rialacha a chomhlíonadh atá i gceist sa mhoráltacht – “Cén bealach is fearr atá ann dom chun maireachtáil sa saol seo, agus caidreamh a dhéanamh le daoine eile?”

Féach freisin

Tagairtí

🔥 Top keywords: