Niall Ó Donnghaile
Is polaiteoir Éireannach é Niall Ó Donnghaile, a rugadh agus a tógadh ar an Trá Ghearr, in oirthear Bhéal Feirste.
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Bealtaine 1985 39 bliana d'aois Béal Feirste, Northern Ireland ![]() |
Seanadóir na hÉireann | |
8 Meitheamh 2016 – Téarma parlaiminte: 25ú Seanad Éireann Toghcheantar: An Rolla Riaracháin ![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Uladh Coláiste Feirste ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir ![]() |
Ball de pháirtí polaitíochta | Sinn Féin ![]() |
Toghadh é ina Ard-Mhéara ar Bhéal Feirste ar an 26 Bealtaine 2011, in aois 25 dó, rud a chiallaíonn gurb é an tArd-Mhéara is óige dá raibh ag an chathair riamh.[1] Tháinig Gavin Robinson mar chomharba air sa bhliain 2012.
Toghadh chun Seanad Éireann é i mí Aibreáin 2016.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/85/Niall_%C3%93_Donnghaile_%2832921730793%29.jpg/177px-Niall_%C3%93_Donnghaile_%2832921730793%29.jpg)
Beathaisnéis
Rugadh Ó Donnghaile in oirthear Bhéal Feirste, agus fuair sé a chuid bunoideachais agus meanoideachais go léir trí mheán na Gaeilge. Rinne sé céim sa pholaitíocht ar Ollscoil.
Tá sé ina bhall de Shinn Féin ó bhí sé 16 bliain d'aois agus toghadh chun Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste i mí na Bealtaine 2011.[2]
Ba ghníomhaithe poblachtacha iad tuismitheoirí Uí Dhonnghaile freisin, agus cuireadh sa phríosún iad le linn na dTrioblóidí.[3]
Toghadh chun Seanad Éireann é i mí Aibreáin 2016.[4] Ar an Rolla Riaracháin atá sé.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e8/O_Donnghaile_Titanic_Memorial.jpg/155px-O_Donnghaile_Titanic_Memorial.jpg)