Nimhiú Sergei agus Yulia Skripal
Ar an 4 Márta 2018, bhí iaroifigeach faisnéise mhíleata na Rúise agus spiaire Briotanach Sergei Skripal agus a iníon Yulia Skripal, nimhithe i Salisbury, Sasana. Tháinig siad slán as an eachtra, ach maraíodh Dawn Sturgess[1] (baint ar bith aici leis an scéal agus triúr clainne aici) agus nimhíodh ceathrar eile.[2]
| ||||
Cineál | iarracht ar dhúnmharú nimhiú conspóid idirnáisiúnta | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 4 Márta 2018 | |||
Suíomh | Salisbury, England | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Rannpháirtí | ||||
Sprioc | Sergei Skripal agus Yulia Skripal | |||
Ba chúis leis | reactions to the poisoning of Sergei and Yulia Skripal (en) | |||
Líon gortaithe | 5 | |||
Bhí nimhiú na Skripal ar cheann de mhórchuid eachtraí a tharla sa bhliain 2018, a chothaigh drochphoiblíocht don Rúis go hidirnáisiúnta. "Níor chuir an scéal as a dhath do Vladimir Putin ag baile; coicís ghlan tar éis do scéal mhuintir Skripal briseadh, atoghadh ina uachtarán é".[3][4]
Imeachtaí
Rinne an GRU[5], iarracht iad a nimhiú leis an oibreán néaróige novichok, is cosúil. Dúirt Boris Johnson go raibh fianaise mhór ann i gcoinne na Rúise.[6]
Mhaígh an Rúis nach raibh aon bhaint acu leis an ionsaí ar Sergei Skripal. Agus scríobh an t-iriseoir Eoin Ó Murchú "tá a lán amhrais á léiriú faoin scéal oifigiúil a chuir na Sasanaigh amach"[7] (cosantóir mór de chuid an rialtais Rúiseach is ea an Murchúch).[8]
Mhair an fiosrúchán ar feadh i bhfad, ach fuair an próiseas fiosraithe na daoine a rinne an t-ionsaí faoi dheireadh ː Alexander Mishkin,[9] Anatoliy Chepiga[10] agus Denis Sergeev,[11] gníomhairí de chuid na Rúise.
Frithbhearta
Dúirt an Tánaiste, Simon Coveney, gurbh ionann an t-ionsaí i Salisbury agus “masla do chóras na rialacha idirnáisiúnta ar a bhfuil muid ar fad ag brath chun a bheith slán sábháilte”.[12]
Mar thoradh ar an ionsaí ar na Skripal, bhí os cionn 100 taidhleoir ar fad de chuid na Rúise díbeartha ag 16 tír san Aontas Eorpach, ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, ag Ceanada, ag an Astráil, srl. Measadh gurb é seo an ráig is mó de dhíbirtí taidhleoirí Rúiseacha ó bhí an Cogadh Fuar in airde láin.[12] Dhíbir Rialtas na hÉireann taidhleoir de chuid na Rúise as Éirinn chomh maith.[13]