Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Sasana |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir |
Fostóir | Tuairisc.ie RTÉ Raidió na Gaeltachta An Phoblacht |
Teangacha | An Ghaeilge |
Iriseoir, craoltóir agus colúnaí le Tuairisc.ie is ea Eoin Ó Murchú.[1][2] Eagraí polaitíochta RnaG, chuir sé i láthair sraith raidió, Cúrsaí Reatha, ar RTÉ Raidió 1 sna 2000idí[3] agus scríobh sé do Lá Nua, srl.[4] Bhí sé chun tosaigh san fheachtas 'Misneach' sna 1960idí.[5]
Sa bhliain 2014, fuair an Murchúch gradam cumarsáide, 'Colúnaí na Bliana', ó Lá Nua.[6]
Bíonn sé ag tarraingt conspóide air féin i gcónaí, agus ag iarraidh daoine a ghríosú. Mar shampla, sa bhliain 2018, mhaígh an Rúis nach raibh aon bhaint acu leis an ionsaí ar Sergei Skripal, agus scríobh an Murchúch "tá a lán amhrais á léiriú faoin scéal oifigiúil a chuir na Sasanaigh amach"[7] Cosantóir mór de chuid an rialtais Rúisigh is ea an Murchúch.[8][2] Eoraisceipteach mór le rá is ea é chomh maith. Scríobh léachtóir, "Is maith leis an Murchúch an ró-shimpliú, an dubh is bán, an mhaith is an t-olc…ar thaobh amháin..."[9]