Ole Christensen Rømer
réalteolaí Danmhargach
Réalteolaí a rugadh in Århus na Danmhairge ab ea Ole Christensen Rømer (25 Meán Fómhair 1644 - 19 Meán Fómhair 1710). Agus é ag obair sa réadlann ríoga i bPáras (1672-1681), bhain sé úsáid as uruithe ghealacha Iúpatair chun an chéad luach a fuarthas riamh ar luas an tsolais a shocrú, 225,000 km s-1 (1675). Anois glactar le 299,792 km s-1 mar an luach.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 25 Meán Fómhair 1644 Aarhus, An Danmhairg |
Bás | 19 Meán Fómhair 1710 65 bliana d'aois Cóbanhávan, An Danmhairg |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Liútarachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Chóbanhávan (1662–) Aarhus Katedralskole (en) |
Áit chónaithe | Cóbanhávan |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Réalteolaíocht |
Gairm | réalteolaí, breitheamh, aireagóir paitinne, múinteoir ollscoile, fisiceoir, matamaiticeoir, garda |
Fostóir | Ollscoil Chóbanhávan |
Ball de | |
Teangacha | An Danmhairgis |
Teaghlach | |
Céile | Anne Marie Bartholin |
Tagairtí
🔥 Top keywords: