Rópa

Fad snáithíní tiubha a úsáidtear chun rudaí a cheangal go daingean le chéile. Bíonn na snáithíní casta nó fite chun a neart a mhéadú, agus is féidir snáithíní nádúrtha (snáithe cnáibe, siosal, líon, siúit, cadás nó eile) nó saorga (níolón, poileistear, cruach nó eile) a úsáid chuige. Bíonn rópaí saorga níos éadroime láidre ná rópaí nádúrtha, agus is féidir iad a shíneadh níos mó. Na rópaí troma, cosúil leo siúd a cheanglaíonn long don ché, bíonn trastomhas suas le 25 cm acu. Úsáidtear rópaí sreanga cruach, mar shampla, le droichid crochta a iompar.[1]

Tagairtí

🔥 Top keywords: