Robert F. Furchgott
bithcheimiceoir Meiriceánach
Cógaseolaí a rugadh i Charleston, Carolina Theas ab ea Robert F. Furchgott (1916-2009). Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1998 lena chomhghleacaithe Louis Ignarro is Ferid Murad as a gcúnamh i léiriú feidhm ocsaíd nítrigine mar chomharthamhóilin sa chóras cairdifeadánach.
Bhí an léargas seo tábhachtach i bhforbairt teiripí do ghalair croí, agus saothrú an druga Viagra.[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: