Sondas

Sa teangeolaíocht, is éard is sondas ann ná treise fuaimeanna cainte i gcomparáid le fuaimeanna eile a bhfuil an airde, an fad, agus an bhéim chéanna acu.[1] Dá bhrí sin, tá baint láidir idir sondas agus aimplitiúid na fuaime;[2] mar shampla, nuair a fhuaimnítear an guta [a], bíonn fuaim níos treise aige ná ag an stop [t], mar sin rangaítear [a] níos airde ná [t] ó thaobh sondais de. Tá na haidiachtaí “sonda” agus “consanta” ann freisin; deirtear go bhfuil [a] “níos sonda” ná [t] agus go bhfuil [t] “níos consanta” ná [a].

Tugann go leor taighdeoirí sainmhíniú ar shondas i dtéarmaí athshondas na fuaime in áit a haimplitiúide.[2] De réir an tsainmhínithe seo, bíonn sé níos deacra fuaimeanna a bhfuil sondas níos airde acu a mhúchadh le torann timpeallachta.[2]

Scála Sondais

Sondas is airde ag barr an táblaSamplaí
gutaí oscailte/a ə/
meánghutaí/e o/
ardghutaí/i u j w/
flapaí[ɾ]
consain thaobhacha/l/
consain shrónacha/m n ŋ/
cuimiltigh ghlóracha/v ð z/
cuimiltigh neamhghlóracha/f θ s/
pléascaigh ghlóracha/b d g/
pléascaigh neamhghlóracha/p t k/

Tagairtí