Táinseamh

Is éard is táinseamh ann ná próiseas a mbaineann comhlacht reachtach úsáid as chun oifigeach poiblí a chúiseamh as mí-iompar.[1][2] Is próiseas uathúil é a bhfuil gnéithe polaitiúla agus dlíthiúla araon ag baint leis.[3][4][5]

Tá táinseamh ar fáil sna dlíthe bunreachtúla i go leor tíortha, ina measc, an Bhrasaíl, an Fhrainc, an India, Éire, na hOileáin Fhilipíneacha, an Rúis, an Chóiré Theas, agus na Stáit Aontaithe. Ní ionann táinseamh agus an “rún mímhuiníne” atá ar fáil i roinnt tíortha lenar féidir tairiscint cháinte a úsáid chun rialtas agus a chuid airí a chur as oifig. Níl a leithéid de phróiseas ar fáil i dtíortha a bhfuil uachtarán i gceannas orthu, mar shampla na Stáit Aontaithe.[6]

Féach freisin

Tagairtí

🔥 Top keywords: