Péintéir Veinéiseach, a rugadh i bPieve di Cadore na hIodáile ab ea Tiziano Vecelli nó Tiziano Vecellio (c 1490 – 27 Lúnasa1576). Titian a thugtar air níos minice inniu; da Cadore a thugtaí air de ghnáth lena bheo. An péintéir is cáiliúla sa 16ú céad ba ea é, b'fhéidir.
Phéinteáil sé 3 shaothar cháiliúla ar ábhair mhiotaseolaíocha do Dhiúc Ferrara: Festa della amorini (Féile na Leannán, c 1515-1518), Baccanale degli Andrii (Féasta na nDéithe, c 1518), agus Bacco e Arianna (Bacas is Airianna, c 1523).