Uisce óil
Is buncheart daonna é teach ar uisce óil.[2] Gach lá, bíonn gach duine ag lorg, inár saol príobháideach nó ag obair nó ag súgradh, uisce glan sláintiúil ó sconna (uisce buacaire) nó ó fhoinse éigin eile dúinn féin agus dár n-ainmhithe agus ag an am céanna ár ndramhaíl agus a gcuid dramhaíola á scaoileadh ar ais chuig an timpeallacht uisce atá muid ag brath air an oiread sin.[3] Tá iarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil aige seo, lena n-áirítear:
• an costas a bhaineann le huisce salach a ghlanadh chun cáilíocht inólta a thabhairt dó,
• tinneas de bharr uisce éillithe a ól, agus
• damáiste d’éiceachórais atá ag brath ar uisce.
Uisce óil san Aontas Eorpach
Tháinig leagan nua den Treoir um Uisce Óil de chuid an Aontais Eorpaigh amach sa bhliain 2020 [4] Leis na rialacha nua, tugadh aghaidh ar na hábhair imní atá ag dul i méid maidir leis na héifeachtaí a bhíonn ag suaiteoirí inchríneacha, ag cógais agus ag micreaphlaistigh ar shláinte an duine trí shásra a thabhairt isteach maidir le liosta faire. Éilítear chomh maith ar bhallstáit an Aontais rochtain ar uisce glan do chách a chur chun cinn, go mór mór i gcás daoine nach bhfuil lánrochtain ar uisce acu agus daoine atá faoi mhíbhuntáiste. Leagadh amach sna rialacha íoscheanglais shláinteacha maidir le hábhair a bhaineann le huisce óil, amhail píopaí.
Uisce óil in Éirinn
In Éirinn faightear thart ar 80% den uisce óil ó aibhneacha agus lochanna. Ach léirigh tuarascáil an GCC[5] ar cháilíocht an uisce go bhfuil cáilíocht uisce sna lochanna, aibhneacha, agus inbhir in Éirinn ag dul in olcas, agus go bhfuil go leor pobal in Éirinn fós ag fulaingt ó shrianta uisce agus fógraí.[3]
Tá beagnach 200,000 teaghlach in Éirinn ag brath ar thoibreacha príobháideacha le haghaidh a gcuid uisce óil. Ach tá ceann de na heachtraí is airde d’fhógraí VTEC ((verocytotoxigenic E.coli) ) in aghaidh an duine san Eoraip in Éirinn. Drochshláintíocht is cúis leis.
Léiríodh i dtuarascáil ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil sa bhliain 2023 go raibh E.coli i 14 grúpscéim phríobháideach in Éirinn.[6] Dúradh sa tuarascáil nach raibh caighdeán an uisce ó fhoinsí príobháideacha chomh maith leis an gcaighdeán uisce poiblí.[7]
Féach freisin
- Uisce buacaire
- Fuíolluisce
- Truailliú uisce
- Escherichia coli nó E.coli
- Sláintíocht
- Uisce Éireann