X-ghathanna
Radaíocht sa speictream leictreamaighnéadach le ghearrthonnfhaid atá dofheicthe is ea X-ghathanna. Ar 8 Samhain 1895, d'fhionn Röntgen X-ghathanna is é ag déanamh taighde ar fheadán ga-chatóideach.[1]
Ainmnithe in ómós | Wilhelm Conrad Röntgen |
---|---|
Sampla de | astaíocht leictreamaighnéadach |
Sonraí bunúsacha | |
Cuid de | speictream leictreamaighnéadach |
Croineolaíocht | |
Arna fhionnachtain ag | Wilhelm Conrad Röntgen |
Cruthaítear iad i bhfeadán folúsaithe ina bhfuil dhá leictreoid (an chatóid is an anóid) agus sruth leictreon ag rith eatarthu le hardvoltas ag an am céanna. Nuair a imbhuaileann na leictreoin fhuinniúla an anóid tungstain nó platanaim a chruthaítear iad. Radaíocht threáite ianaíoch, éifeachtach chun íomhánna a fháil de thaobh istigh na colainne (gnáth-X-ghathanna, fluarascópacht, scanadh CT, xéararadaghrafaíocht) agus fíocháin ghalraithe a mhilleadh i radaiteiripe.
De bhrí gur féidir le X-ghathanna a bheith baolach do dhuine is a ábhar géiniteach, ní mór an dáileog a fhaigheann an t-othar, agus aon oibrí san áit, a choimeád chomh híseal agus is féidir.[2]