Áiritheoir comhréireach
Is éard is áiritheoir comhréireach ann ná feiste chun conairí cáithníní luchtaithe a chruthaítear i dturgnaimh i bhfisic na gcáithníní a mhonatóiriú. Bíonn eagair leictreoidí sreinge ann le réimse leictreach a chruthú chun na hiain, a dhéanann an sruth cáithníní luchtaithe, a luasghéarú. Gineann na hiain seo bíoga voltais idir na leictreoidí, agus taifeadtar iad seo go leictreonach chun léarscáil chonairí na gcáithníní a chur ar fáil. Foirmeacha coitianta áiritheora chomhréirigh is ea an síobfheadán is an t-áiritheoir comhréireach ilsreangach. Bhuaigh an fisicí Francach Georges Charpak (1924-2020) Duais Nobel na Fisice i 1992 as ceapadh an áiritheora dheireanaigh seo.[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCarles PuigdemontAn tAontas SóivéadachGene SimmonsVicipéid:Halla baileStáit Aontaithe MheiriceáSpeisialta:RecentChangesSpeisialta:SearchSouth Park: Bigger, Longer & UncutVicipéid:Séanadh ginearáltaAn Dara Cogadh DomhandaVicipéid:CabhairVicipéid:Lárionad comhphobailAn VicipéidRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannVicipéid:Cúrsaí reathaGluaiseacht (úrscéal)Juan Antonio VillacañasJean SimmonsTeach na nIonadaithe, Stáit Aontaithe MheiriceáJohn HumePádraig Mac SuibhneAn GhaeilgeAn AramaisRobert FicoVicipéid:RéamhráÚsáideoir:MALA2009/Síscéal (Béarla)Catagóir:Síolta tíreolaíochta na hÉireannPápa Cléimeans VIIHippuris vulgarisCruidín crainnMarie Antoinette na hOstaireCúcabarraGradaim an AcadaimhSpeisialta:MyTalkPeter PellegriniSpeisialta:MyContributionsComhriachtainRéileán láibe