Robert Fico
Dlíodóir agus iar-phríomhaire na Slóvaice (2006-2010 agus 2012-2018) is ea Robert Fico (a rugadh ar 15 Meitheamh 1964).[1] Tá sé go mór i bhfách leis an eite dheas, duine coimeádach a bhfuil an-luí aige leis an Rúis..[2] Mar gheall ar a phobalachas agus a pholasaí ar son na Rúise, déantar comparáid idir Fico agus Viktor Orbán na hUngáire. Tá Orbán molta go hard ag Fico as tús áite a thabhairt don Ungáir.[3]
Gairm
Chaith Fico dhá théarma go leith mar phríomh-aire na tíre ach bhí air éirí as in 2018 nuair a tharraing dúnmharú iriseora aird ar an gcaimiléireacht a bhí forleathan sa tír agus é san oifig. Ag an am sin, shíl gach duine go raibh a phort seinnte mar pholaiteoir.[4]
Sa bhliain 2023, bhí sé tugtha le fios ag Fico go n-éireodh sé as airm a dhíol leis an Úcráin dá cheapadh é mar phríomhaire.[5][6] Fuair Smer-SSD os cionn 23% den vóta sa toghchán parlaiminte ar 30 Meán Fómhair 2023. Bhí cáineadh déanta ag Fico ar na smachtbhannaí atá curtha ar an Rúis, agus cáineadh déanta ar Fico chomh maith as cur in aghaidh cearta LGBTQ+.[3]