Cúcabarra

géineas éan

Is cruidíní crainn talún iad na cúcabarraí ar baill den fhine Alcedinidae agus den ghéineas Dacelo iad. Tá an cruidín seo de bhunadh na hAstráile agus na Nua-Ghuine agus bíonn siad idir 28 agus 48 cm (11 agus 19 orlach) i bhfad le meáchan thart faoi 300 g (11 unsa). Is focal iasachta é ainm an éin seo ón Wiradjuri guuguubarra ar onamataipé dá ghlao í. Úsáidtear glao gáiriteach an éin seo atá ard agus sainiúil go forleathan mar mhaisíocht fuaime stoc i gcás a mbíonn díthreabh na hAstráile nó dufair thrópaiceach á cur i láthair agus is forleithne atá sí i seanscannán amhail The Lost World: Jurassic Park agus The Wizard of Oz[1].

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCúcabarra
Dacelo Cuir in eagar ar Wikidata

Cúcabarra gáiriteach Cuir in eagar ar Wikidata 
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Mais300 g Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdCoraciiformes
FineAlcedinidae
GéineasDacelo Cuir in eagar ar Wikidata
Leach, 1815
Léarscáil de raon an tacsóin
Ceantair eindéimeacha

Aimsítear an cruidín seo i ngnáthóga amhail foraoisí taise agus sabhána tur chomh maith le háiteanna uirbeacha le crainnte arda nó in aice le huisce reatha. Cé gur baill den fhine níos forleithne "cruidíní" iad, ní bhaineann na cúcabarraí go dlúth le huisce[2].

Tacsanomaíocht

Thug an zó-eolaí Sasanach William Elford Leach an géineas Dacelo isteach sa bhliain 1815[3]. Is é an cúcabarra gáiriteach eiseamlár an speicis seo[4]. Is anagram é ainm an ghéinis Dacelo de alcedo arb é an focal Laidine ar an chruidín[5]. Fuair staidéar móilíneach a foilsíodh sa bhliain 2017 amach go raibh an géineas Dacelo, mar a leagadh amach, paraifiliginiteach. Rinneadh an cúcabarra sluasaid-ghobach a rangú sa ghéineas monaichineálach Clytoceyx sula rinneadh é a athrangú sa ghéineas Dacelo mar gheall ar fhianaise paraifíliginiteach[6].

Fíligineacht
Dacelo

Cúcabarra breac

Cúcabarra sluasaidghobach

Cúcabarra tarr-ruadhonn

Cúcabarra gáiriteach

Cúcabarra gormeiteach

Rangú agus Speicis

Féadfar cúig speiceas cúcabarra a aimsiú san Astráil, sa Nua-Ghuine agus sna hOileáin Aru.

  • an Cúcabarra Sluasaidghobach[7] (Dacelo rex) – Sléibhte na Nua-Ghuine
  • an Cúcabarra Breac[8] (Dacelo tyro) – sna hOileáin Arúacha, deisceart na Nua-Ghuine
  • an Cúcabarra Tarr-Ruadhonn[9] (Dacelo gaudichaud) – ísealchríocha na Nua-Ghuine
  • an Cúcabarra Gáiriteach[10] (Dacelo novaeguineae) – éan dúchasach oirthear na hAstráile, éan ionrach in iardheisceart na hAstráile
  • an Cúcabarra Gormeiteach[11] (Dacelo leachii) – tuaisceart na hAstráile, deisceart na Nua-Ghuine

Is iomaitheoirí díreacha iad na speicis gháiriteacha agus ghormeiteacha sna háiteanna a fhorluíonn a raonta gnáthaithe, rud nach bhfuil coitianta i measc speicis gharghaolta[12]. Tugann sé seo le fios gur in iargúltacht a d'éabhlóidigh an dá speicis seo, b'fhéidir le linn tréimhse a raibh an Astráil agus an Nua-Ghuine níos faide amach óna chéile.

Tá cúcabarraí démhorfach ó thaobh a ngnéasanna de. Is furasta é seo a fheiceáil sna speicis ghormeiteacha agus tarr-ruadhonna toisc eireabaill ghorma a bheith ar fhireannigh agus eireabaill ruadhonna a bheith ar bhaineannigh.

Iompar

Grianghraf gar-amhairc de chúcabarra in Sydney na hAstráile

Ainmhithe feoiliteacha iad na cúcabarraí go príomha a itheann lucha, nathracha, feithidí, reiptílí beaga agus óga éan eile. Murab ionann is cruidíní eile, ní minic a itheann cúcabarraí éisc, cé go dtógfaidh siad éisc órga ó locháin ghairdín má bhíonn an deis acu. Beathaítear le bia atá oiriúnach d'éin chreiche i ngairdíní ainmhithe iad.

Cé go nglacfadh formhór éan le dáileacháin bia ó láimh agus go dtógfaidís feoil ó fhulachtaí, ní mholtar iad a bheathú le mairteoil mhionaithe nó le bia peata toisc nach bhfuil a ndóthain cailciam ná gairbhseach iontu[13].

Dacelo cosantach faoina bhfearann, seachas an cúcabarra tarr-ruadhonn a bhíonn cónaí orthu lena n-óga ón aimsir díreach caite[14]. Marcálann siad a bhfearann go minic trí chasadh a gceiliúir.

Caomhantas

Liostaítear chuile speicis cúcabarra mar speicis is lú imní. Cosnaíonn dlí na hAstráile éin dhúchasacha na hAstráile, na cúcabarraí ina measc[15].

Sa Chultúr Choiteann

An Cúcabarra Breac

Tá fuaim shainiúil an chúcabarra gháiritigh an-chosúil le gáire an duine daonna agus baintear úsáid fhorleathan aisti in léiriúcháin scannánaíochta agus teilifíse agus in marcaíochtaí áirithe i bpáirc shiamsaíochta théama Disney, beag beann ar shuíomhanna na ndufairí san Afraic, san Áise nó i Meiriceá Theas. Tá cúcabarraí le feiceáil in roinnt cluichí ríomhaire amhail Lineage II, Battletoads agus World of Warcraft. Tá carachtar Astrálach le feiceáil sa tsraith theilifíse Splatalot! darb ainm "Kookaburra" a bhfuil feisteas le sciatháin mhaisiúla amhail clúmh an éin agus gáire ardairde sainiúil air. Ceann den trí shonóg a roghnaíodh do Chluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2000 in Sydney ab ea 'Olly an Cúcabarra'. Ba iad 'Millie an tEicidneach' agus 'Syd an Platapas' an dá shonóg eile. Baineadh úsáid as ceiliúr an chúabarra darb leasainm "Jacko" mar théama oscailte stáisiúin Raidió ABC agus craoltaí thar lear Raidió na hAstráile.[16]

Leabhar

  • Téama oscailte Raidió ABC ab ea bunadh an leabhair do pháistí le Brooke Nicholls dar teideal Jacko, the Broadcasting Kookaburra - His Life and Adventures.[16][17]
  • Tá ról lárnach ag an chúcabarra gháiriteach i bplota leabhair 1969 William Arden The Mystery of the Laughing Shadow (ceann de thrí leabhar na sraithe 'Three Investigators' do léitheoirí óga).[18]
  • Sa ghearrscéal Nowhere to Go le Barry Woods.

Scannán

  • Trí chúcabarra óga tar éis a dteacht amach
    Is féidir iad a chloisteáil in roinnt scannáin luaithe de chuid Johnny Weissmuller agus den chéad uair ina scannán Tarzan and the Green Goddess(1938).[19]
  • Is féidir an glao a chloisteáil in The Wizard of Oz (1939), The Treasure of the Sierra Madre (1948), Swiss Family Robinson (1960), Cape Fear (1962), The Lost World: Jurassic Park, agus scannáin eile.[20]
  • Is glao mionathraithe cúcabarra é glao na deilfe sa tsraith theilifíse Flipper (1964-7).[21]
  • Déanann an carachtar Billy (David Gulpilil) aithris fhoirfe ar ghlao an chúcabarra sa scannán Astrálach Mad Dog Morgan (1976).
  • Is féidir an glao a chloisteail ag tús an scannáin Raiders of the Lost Ark (1981) agus iad sa dufair.
  • Is féidir an glao a chloisteail sa scannán Astrálach True History of the Kelly Gang (2019) agus an Constábla Mhic Phádraig agus é ag imscrúdú na gcéad dhúnmharuithe le Grúpa Meirleach nua-bhunaithe Uí Cheallaigh.
  • Namhaid uileghabhálach an scannáin Koala Man (2023) is ea an carachtar darb ainm Christopher a ghlacann leis an teideal "The Kookaburra". Jemaine Clement a ghuthaigh é. Is é iar-chara an charachtair teidil an namhaid is mó atá aige anois agus déanann sé glaonna cosúil leis an chúcabarra go minic.

Ceol

  • Cúcabarra Gormeiteach fireann
    Is amhrán do pháistí aitheanta a scríobhadh sa bhliain 1932 le Marion Sinclair é "Kookaburra [sits in the old gum tree]".
  • Eisíodh "Kookaburra" leis an chúpla Cocteau ar a gceirnín leathfhada 1985 Aikea-Guinea.
  • Tá "Kookaburra" le John Vanderslice ar a albam 2007 Emerald City.
  • Is as Contae Durham don bhanna ceoil Sasanach 'The Kookaburras'.
  • Tá na liricí "... the Laughing Kookaburras call ..." le cloisteáil san amhrán "Across the Hills of Home" ar an albam Something of Value le hEric Bogle.
  • Tá an seoladh Kookaburra, an Astráil ag BFD Records agus BFD Productions, arb iad dáileoirí agus/nó sealbhóirí cóipchirt den chuid is mó d'albaim dhíolama rac-gharáiste agus rac-shícedeileacha sa tsraith Pebbles.
  • Tá na liricí "Well the kookaburra laughed ..." le fáil san amhrán "Old Man Emu" le John Williamson.
  • Tá glao an chúcabarra le fáil sna hamhráin "Doom City" ón albam Flying Microtonal Banana agus "All is Known" ón albam Gumboot Soup leis an bhanna cheoil Astrálach King Gizzard and the Lizard Wizard a eisíodh sa bhliain 2017.

Stampaí

  • Stampa a d'eisigh Fórsa Forghabhála an Chomhlathais Bhriotanaigh den chéad uair sa bhliain 1946
    Eisíodh stampa leathphingine sa bhliain 1914.
  • Eisíodh stampa cómórtha Astrálach don Taispeántas Stampshanais Idirnáisiúnta 1928 in Melbourne.
  • Eisíodh stampa leathphingine sa bhliain 1932.
  • Tá péire cúcabarra le feiceáil ar stampa Astrálach 38¢ a eisíodh sa bhliain 1990.[22]
  • Eisíodh stampa idirnáisiúnta Astrálach $1.70 le cúcabarra maisithe sa bhliain 2013.
  • Eisíodh stampa $1.10 de chúcabarra gáiriteach sa bhliain 2020.

Airgead

  • Tá bonn Astrálach darb ainm an Cúcabarra Airgead á buaileadh go bliantúil ón bhliain 1990 ar aghaidh.[23]
  • Bhí an cúcabarra le feiceáil ar nótaí fiche dollair Astrálacha go han-mhinic.

Úsáid thar spóirt

  • Taobh cúil an bhoinn phrofa Cúcabarra rilíf ard dhá unsa a bhuail Mionta Perth.
    Chaill an luamh 12m Kookaburra III Corn Mheiriceá sa bhliain 1987.[24]
  • Baistear foireann Astrálach haca na bhfear as an chúcabarra. Ba iad seaimpíní an domhain sa haca sna blianta 1986, 2010 agus 2014.[25]
  • Baistear an comhlacht trealamh spóirt Astrálach 'Kookaburra Sport' as an chúcabarra.

Tagairtí

Leabharliosta

Brooke Nicholls; Dorothy Wall (illus.) (1933). Jacko, the Broadcasting Kookaburra — His Life and Adventures. Sydney: Angus & Robertson.

Léitheoireacht Bhreise

  • Sceitsí agus glaonna an chúcabarra ar shuíomh Gharraithe Náisiúnta Lus na hAstráile. Cartlannaithe ón bhunleagan ar 2008-07-20. Aisghafa 2010-09-03.

Nascanna Seachtracha