Is é an tÁr nAthair paidir bhunúsach an chreidimh Chríostaí. De réir an tSoiscéil (Matha 6:9-13, agus Lúcás 11:2-4), d'fhiafraigh na hAspail d'Íosa, conas ba chóir dóibh bheith ag guí. Tá an phaidir seo thíos bunaithe ar an leagan Laidine den Bhíobla, agus é oifigiúil san Eaglais Chaitliceach.[1]
Sa leagan Protastúnach den Ár nAthair, cuirtear na focail ós leatsa an Ríocht, an Chumhacht agus an Ghlóir go deo leis an bpaidir roimh an áiméan.
As Gaeilge - Ár nAthair, atá ar neamh,
- Go naofar D'Ainm,
- Go dtaga do ríocht,
- Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
- Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu.
- Agus maith dúinn ár bhfiacha,
- Mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin.
- Agus ná lig sinn i gcathú,
- Ach saor sinn ó olc.
- Aiméan.
| As Laidin - Pater noster, qui es in caelis,
- Sanctificetur nomen tuum.
- Adveniat regnum tuum.
- Fiat voluntas tua,
- Sicut in caelo et in terra.
- Panem nostrum cotidianum da nobis hodie.
- Et dimitte nobis debita nostra,
- Sicut et nos dimittimus debitoribus nostris.
- Et ne nos inducas in tentationem;
- Sed libera nos a malo.
- Amen.
|
Naisc Sheachtracha
Tagairtí