Alan J. Heeger
fisicí Meiriceánach
Fisicí a rugadh i Sioux City, Iowa ar an 22 Eanáir 1936 is ea Alan J. Heeger. Bhain sé dochtúireacht i bhfisic amach ó Ollscoil California, Berkeley sa bhliain 1961. Le Alan MacDiarmid is Hideki Shirakawa, bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice sa bhliain 2000 as a shaothar chun polaiméirí seoltacha a fhionnadh is a fhorbairt.[1]
Naisc sheachtracha
- Curriculum Vitae Alan J. Heeger ag suíomh University of California, Santa Barbara. Arna rochtain ar 18 Feabhra 2014
- Léacht Duais Nobel Heeger Arna rochtain ar 18 Samhain 2014
Tagairtí
🔥 Top keywords: