Amfataimín
Spreagthach cumasach don néarchóras lárnach, agus neamhchodladh, aireachas, giúmar is féinmhuinín ardaithe, is béalscaoilteacht mar thoradh air, chomh maith le feabhsú i ndéanamh tascanna simplí meabhracha is fisiciúla.
Spriocghalar | Neamhord Easnamh Airde, narcaileipse agus murtall |
---|---|
Sonraí cliniciúla | |
Riosca le linn toirchis | US pregnancy category C (en) |
Grúpa cógaseolaíochta | amfataimín agus 1-phenylpropan-2-amine alkaloid (en) |
Cód ATC | N06BA01 |
Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha | |
Foirmle | C9H13N |
Mais mhóilíneach | 135.104799 Da |
Dlús | 0.936 g/m³ |
Leáphointe | 11.3 °C |
Fiuchphointe | 203 °C |
Aitheantóirí | |
Uimhir CAS | 300-62-9 |
PubChem (SID) | 3007 |
IUPHAR/BPS | 4804 |
DrugBank | 00182 |
ChemSpider | 13852819 |
UNII | CK833KGX7E |
KEGG | C07514 |
ChEBI | 132233 |
ChEMBL | CHEMBL405 |
ECHA | 100.005.543 |
Ar dtús, laghdaíonn sé an goile. Baintear mí-úsáid go han-choitianta as chun fuinneamh is airdeall a mhéadú, ach le ró-úsáid éiríonn duine neamh-mhothálach dó agus bíonn tuirse is dúlagar air. Bhaintí feidhm as tráth chun cabhrú le daoine meáchan a chailliúint, ach ní cheadaítear é sin anois mar gheall ar na fadhbanna andúile is neamh-mhothálachta.
Uaireanta úsáidtear é chun páistí le neamhord easnamh airde a chóireáil, ach is gá an chóireáil a bheith gearrthéarmach chun neamhoird mheabhracha cosúil le paranóia nó síocóisí eile a sheachaint.
Tugtar ‘luas’ (nó speed an focal Béarla go minic) air ina dhruga mí-úsáide, agus déantar go mídhleathach é i bhfoirm púdair a smúrtar nó a instealltar.
Bhíodh sulfáit amfataimín le fáil uair amháin faoin trádainm Benzedrine, ach anois is sulfáit deistreamfataimín atá ar fáil ar oideas dochtúra faoin trádainm Dexedrine.[1]