Amhrán náisiúnta

Is é is amhrán náisiúnta ann ná amhrán nó saothar ceoil eile a bhfuil ábhar tírghráúil aige, agus rialtas is údaráis oifigiúla an stáit ag baint úsáide as mar shuaitheantas don tír ag ócáidí oifigiúla. Ina lán tíortha, reachtaíodh dlíthe faoi cheartúsáid an amhráin náisiúnta, ach níl a leithéid riachtanach le go nglacfaí le hamhrán ar leith mar shiombaile náisiúnta den chineál sin. Mar shampla, is é an traidisiún an t-aon bhunús amháin le stádas an amhráin úd God Save the Queen sa Ríocht Aontaithe.

Is é amhrán na hÍsiltíre, Het Wilhelmus nó Amhrán Uilliam ó Nassau, an t-amhrán náisiúnta is sine sa domhan. Scríobhadh timpeall na bliana 1570 é, nuair a bhí an Cogadh Ochtó Bliain á chur ag an Ísiltír ar na Spáinnigh.

Níor éirigh an t-amhrán náisiúnta, mar nuáil chultúrtha, coitianta roimh an naoú haois déag. Is aireagán Eorpach é, go praiticiúil. Bíonn blas an cheoil chlasaicigh Eorpaigh ar amhráin náisiúnta na dtíortha neamh-Eorpacha féin, amach ó chúpla eisceacht a théann i dtuilleamaí cheol traidisiúnta na tíre (an tSín agus an tSeapáin, ach go háirithe).

An chuid is mó de na hamhráin náisiúnta, cantar i dteanga iad atá coitianta mar ghnáthurlabhra phobail sa tír. Mar sin féin, tá cúpla eisceacht ann. Nó cé gurb í an Urdúis teanga oifigiúil na Pacastáine, is í an Pheirsis teanga an amhráin náisiúnta. Teanga thábhachtach chultúrtha í an Pheirsis do mhuintir na Pacastáine, ach is ar éigean a labhraíonn aon duine ó dhúchas í sa tír sin.

Liosta

BratachTírAinm an amhráin
an AetóipWhedefit Gesgeshi Woude Henate Ethiopia
an AfganastáinSououd-e-Melli
Poblacht na hAfraice LáirLa Renaissance
an Afraic TheasNkosi Sikelel' iAfrika
an AilgéirKassaman
an Airgintín¡Oíd, mortales!
AlbainFlower of Scotland (de facto)
an AlbáinHymni i Flamurit
AndóraEl Gran Carlemany
AngólaAngola Avante
AnguillaGod Save the Queen
Antigua agus BarbúdaFair Antigua, We Salute Thee
an tAontas EorpachÓid don Aoibhneas
an Araib ShádachAash Al Maleek
an AirméinMer Hayrenik
ArúbaAruba Dushi Tera
an AstráilAdvance Australia Fair (tráth: God Save the Queen)
na BahámaíMarch On, Bahamaland
BairéinBahrainona
BarbadósIn Plenty and In Time of Need
BeininL'Aube Nouvelle
an BhanglaidéisAmar Shonar Bangla
an BhealarúisMy Belarusy
an BheilgLa Brabançonne
an BheilísLand of the Free
an Bhoisnia-HeirseagaivéinIntermeco (tráth: Jedna i Jedina)
an Bholaiv¡Bolivianos!: el hado propicio
an BhotsuáinFatshe leno la rona
an BhrasaílHino Nacional Brasileiro
an BhulgáirMila Rodino
an BhurúinBurundi bwacu
an BhútáinDruk tsendhen
BrúinéYa Allah lanjutkan la usia Duli tuanku
Buircíne FasóDitanyè (l'Hymne de la Victoire)
CamarúnChant de Ralliement
CeanadaO Canada
an ChambóidNokoreach
an ChatalóinEls Segadors
an ChéiniaEe Mungu Nguvu Yetu
an ChipirOde to Freedom
an ChirgeastáinKyrgyz Respublikasynyn Mamlekettik Gimni
an Chóiré TheasAegukga
an Chóiré ThuaidhPatriotic Song
an Cholóim¡Oh, gloria inmarcesible!
Oileáin ChomóraUdzima wa ya Masiwa
Poblacht Dhaonlathach an ChongóDebout Congolais
an ChróitLijepa nasa domovino
CireabaitíTeirake kaini Kiribati
Poblacht an ChongóLa Congolaise
Oileáin CookGod Defend New Zealand
Cósta RíceNoble patria, tu hermosa bandera
an Cósta EabhairL'Abidjanaise
CúbaLa Bayamesa
an DanmhairgDer er et yndigt land (sibhialta); Kong Kristian (ríoga)
DoiminiceIsle of Beauty, Isle of Splendour
Eacuadór¡Salve, oh Patria!
an ÉigiptBilady, Bilady, Bilady
an EastóinMu isamaa, mu õnn ja rõõm
an EilvéisSchweizerpsalm / Cantique suisse
Poblacht ÉiminRépublique unie
Poblacht na hÉireannAmhrán na bhFiann
 Tuaisceart ÉireannAn Fonn Dhoire (neamhoifigiúil)
Oileáin FharóTú alfagra land mítt
FidsíGod Bless Fiji
an FhionlainnMaamme
an FhraincLa Marseillaise
GánaGod Bless Our Homeland Ghana
GeansaíSarnia Chérie
GeirsíMa Normandie
an GhabúinLa Concorde
an GhaimbiaFor The Gambia Our Homeland
an GhearmáinDas Lied der Deutschen
an GhraonlainnNangmineq erinllik
an GhréigImnos pros tin Eleftherian
an GhuáinDear Land of Guyana, of Rivers and Palms
an GhuineLiberté
Guine-BissauEsta é a Nossa Pátrai Bem Amada
an Ghuine MheánchiorclachCaminemos Pisando la Senda de Nuestra Inmensa Felicidad
GrenadaHail Grenada
GuamStand Ye Guamanians
Guatamala¡Guatemala feliz...!
 Guáin na FrainceLa Marseillaise
HáitíLa Dessalinienne
HondúrasTu bandera, tu bandera es un lampo de cielo
IamáiceJamaica, Land We Love
an IaráicArdulfurataini Watan
an IaráinSorood-e Jomhoori-e Eslami
an IndiaJana-Gana-Mana
an IndinéisIndonesia Raya
an IodáilFratelli d'Italia
Inno di Mameli
an ÍoslainnLofsöngur
IosraelHatikvah
an IordáinAs-salam al-malaki al-urdoni
an IoruaJa, vi elsker dette landet
An ÍsiltírWilhelmus van Nassouwe
an LaitviaDievs, Sveti Latviju
LaosPheng Xat Lao
LeosótaLesotho Fatse La Bontata Rona
an LibéirAll Hail, Liberia Hail
an LibiaLibia, Libia, Libia
LichtinstéinOben am jungen Rhein
an LiobáinKoullouna Lilouataan Lil Oula Lil Alam
an LiotuáinTautiska Giesme
LucsamburgOns Heemecht
MadagascarRy Tanindrazanay malala ô
Oileáin Bhriotanacha na MaighdeanGod Save the Queen
MailíPour l'Afrique et pour toi, Mali
MáltaL-Innu Malti
MaracóHymne Chérifien
Oileáin MarshallForever Marshall Islands
MaenmarGba Majay Bma
MeicsiceoMexicanos, al grito de guerra
an MhacadóinDenes nad Makedonija
an MhalaeisiaNegara Ku
Oileáin MhaildíveGavmii mi ekuverikan matii tibegen kuriime salaam
an MhaláivMlungu salitsani malawi
Stáit Aontaithe MheiriceáThe Star-Spangled Banner
an MhicrinéisPatriots of Micronesia
an MholdóivLimba Noastra
an MhongóilHymne mongol
Oileán MhuirísMotherland
MonacóHymne Monégasque
MósaimbícViva, Viva a FRELIMO
an NamaibNamibia, Land of the Brave
NárúNauru Bwiema
NeipealSayaun Thunga Phool Ka
Nicearagua¡Salve a ti, Nicaragua!
an NigéirArise Oh Compatriots, Nigeria's Call Obey
an NígirLa Nigérienne
Nua-Ghuine PhapuaO Arise, All You Sons
an Nua-ShéalainnGod Defend New Zealand, God Save the Queen
Oileáin CaymanBeloved Isles Cayman (neamhoifigiúil)
na hOileáin FhilipíneachaLupang Hinirang
ÓmanHymne du sultan
an OstairLand der Berge, Land am Strome
PanamaAlcanzamos por fin la victoria
ParaguaParaguayos, ¡República o Muerte!
PeiriúSomos libres, seámoslo siempre
an PhacastáinPak sarzamin shad bad
an Phoblacht DhoiminiceachQuisqueyanos valientes, alcemos
an PholainnMazurek Dàbrowskiego
an PhortaingéilA Portuguesa (La Portugaise)
Pórtó RíceLa Borinqueña
an Ríocht AontaitheGod Save the Queen/King
an RómáinDesteapta-te, romane!)
Trei culori
an RúisChanson patriotique
Dieu sauve le Tsar
RuandaRwanda rwacu (Notre Rwanda)
an tSaimbiaStand and Sing of Zambia, Proud and Free
San Críostóir-NimheasOh Land of Beauty
San LuciaSons and Daughters of St Lucia
 Saint Pierre agus MiquelonLa Marseillaise
San Uinseann agus na GreanáidíníSt Vincent Land So Beautiful
an tSalvadóirSaludemos la patria orgullosos
SamóThe Banner of Freedom
Samó MeiriceánachAmerika Samoa
São Tomé agus PríncipeIndependência total
an tSeapáinKimi Ga Yo
an tSeoirsiaDideba zetsit kurtheuls
Oileáin SholamónGod Save Our Solomon Islands
an tSileDulce Patria, recibe los votos
Daon-Phoblacht na SíneLa Marche des Volontaires
SeadLa Tchadienne
Poblacht na SeiceKde domov muj
an tSeineagáilPincez tous vos koras, frappez les balafons
Siarra LeonHigh We Exalt Thee, Realm of the Free
SingeapórMajulah Singapura
an tSiombáibKalibusiswe Ilizwele Zimbabwe
God Bless Africa
an tSiriaHomat el Diyar
an tSlóivéinZdravljica Naprej zastava slave
an tSlóvaicNad Tatrou sa bl?ska
an SpáinnMarcha Real
Srí LancaSri Lanka Matha
an tSualainnDu gamla, Du fria (sibhialta);
Ur svenska hjärtans djup en gång (ríoga)
an tSuasalainnNkulunkulu Mnikati wetibusiso temaSwati
an tSúdáinNahnu Djundulla Djundulwatan
an tSúdáin TheasSouth Sudan Oyee!
SuranamGod zij met ons Suriname
an TáidsíceastáinHymne national tadjik
an TansáinMungu ibariki Afrika
an TéalainnPhleng Chat (sibhialta)
Phleng Sansasoen Phra Barami (ríoga)
an TéaváinSan Min Chu I
An Tíomór ThoirFoho Ramelau
TógaSalut à toi, pays de nos aïeux
TongaKoe Fasi Oe Tui Oe Otu Tonga
Oileán na Tríonóide agus TobágaForged From The Love of Liberty
an TúinéisHoumet el-Hima
an TuircIstiklâl Marsi
an TuircméanastáinHymne national turkmène
TuvaluTuvalu mo te Atua
an ÚcráinChtche ne vmerla Ukraïna
UgandaOh Uganda, Land of Beauty
an UngáirIsten áldd meg a magyart
Uragua¡Orientales, la Patria o la Tumba!
VanuatúYumi, Yumi, Yumi
Cathair na VatacáineInno e Marcia Pontificale
VeiniséalaGloria al bravo pueblo
VítneamTien quan ca
🔥 Top keywords: