Athchogantaigh

Fo-ord de na mamaigh, a dtugtar cogantóirí círe orthu freisin. Is artadachtailí iad: is é sin, tá ré-uimhir méar coise acu. Bíonn níos mó ná seomra amháin sa ghoile chun cabhrú le díleá ábhair ghairbh phlandúil. Bíonn 3 sheomra i ngoile an chamail, agus 4 sheomra ag ba, caoirigh, gabhair, fianna is sioráif. Is iad na 4 sheomra seo ná an cogansach, an mioneangach, an sailtairiam, agus an fíorghoile. Is amhlaidh a shlogann an t-ainmhí cuid mhaith bia go tapa, ansin téann go dtí áit éigin sábháilte is frithshruthaíonn bolgaim (an chíor), cognaíonn iad go beacht agus slogann arís iad i seomra eile.[1]

Córas díleá athchogantaigh

Tagairtí

🔥 Top keywords: