Béite-mheath

Próiseas meata nádúrtha radaighníomhaigh ina ndíscaoileann neodrón i núicléas an adaimh go spontáineach ina phrótón, a fhanann sa núicléas, is ina leictreon (an béite-cháithnín), a astaítear as an adamh. Bíonn an fórsa núicléach lag taobh thiar de. Tarlaíonn astú frithneoidríonó ag an am céanna i gcónaí. Mar shampla, is béite-astaíre é stróintiam-90 le leathré 28.1 bliain.[1]

Béite-mheath

Tagairtí

🔥 Top keywords: