Blastaicist
Is struchtúr é an bhlastaicist a cruthaíodh i luathfhorbairt mamach. Tá suthbhlast aici a chruthaíonn an suth ina dhiaidh sin. Is éard atá i gciseal seachtrach na blastaiciste ná cealla ar a dtugtar i dteannta a chéile an trófablast. Timpeallaíonn an ciseal seo mais inmheánach na cille agus cuas sreabhán-líonta ar a dtugtar cuas na blastaiciste nó blastocoel sa Bhéarla.[1] Cruthaíonn an trófablast an cóirín agus an t-aimnian timpeall ar an suth. Díorthaíonn an phlacaint ón chóirín suthach (an chuid den chóirín a fhorbraíonn villis) agus bunfhíochán útarach na máthar.[2] Eascraíonn an t-ainm "Blastaicist " ón nGréigis βλαστός blastos ("péacán") agus κύστις kystis ("lamhnán, cochall"). In ainmhithe eile is struchtúr é seo atá comhdhéanta de liathróid cealla neamhdhifreáilte agus tugtar blastúl air.
Aitheantóirí | |
---|---|
MeSH | D001755 |
TS | E2.0.1.2.0.0.12 |
FMA | 83041 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/blastocyst |
Téarmaíocht anatamaíoch |