Cúige Laighean

cúige Éireannach

Is é Cúige Laighean[1]Laighin an dara cúige is lú in Éirinn, agus an cúige leis an líon is mó contaetha ann, dhá chontae déag. Is é an cúige leis an daonra is mó in Éirinn, áfach, mar gheall ar go bhfuil Baile Átha Cliath, príomhchathair na tíre, ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCúige Laighean
Bratach
Bratach

Suíomh
Map
 53°20′52″N 6°15′35″W / 53.347777777778°N 6.2597222222222°W / 53.347777777778; -6.2597222222222
Stát ceannasachÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,630,720 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús132.86 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla19,800 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2IE-L Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1165970

Agus na Normannaigh tagtha i dtír in Éirinn, thosaigh na sean-chúigí ar a thugtaí Midhe agus Laighin ag aontú de réir a chéile, agus tionchar na Páile á imirt orthu.

Contaetha

Roinneadh Contae Bhaile Átha Cliath i gceithre chuid le gairid, mar a leanas:

ContaeCódAcharDaonraPríomhbhaile
Bhaile Átha CliathCathair Bhaile Átha CliathD114.99 km2554,554Baile Átha Cliath
Átha Cliath Theas222.74 km2278,767Tamhlacht
Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin127.31 km2218,018Dún Laoghaire
Fhine Ghall454.60 km2296,020Sord
CheatharlachCW897 km256,932Ceatharlach
Chill ChainnighKK2,073 km299,232Cill Chainnigh
Chill DaraKE1,695 km2222,504An Nás
Chill MhantáinWW2,027 km2142,425Cill Mhantáin
Na hIarmhíWH1,840 km288,770An Muileann gCearr
LaoiseLS1,720 km284,697Port Laoise
Loch GarmanWX2,365 km2149,722Loch Garman
An LongfoirtLD1,091 km240,873An Longfort
LH826 km2128,884Dún Dealgan
Na MíMH2,342 km2195,044An Uaimh
Uíbh FhailíOY2,001 km277,961Tulach Mhór

Stair

Roimh theacht na Normannach sa bhliain 1171, sheas Ríocht na Laighean sa chuid seo den tír, ach í i bhfad níos lú ná cúige an lae inniu, gan ann críocha amhail is an Mhí, Osraí nó na bailte Lochlannacha of Loch Garman agus Áth Cliath. Eascraíonn an chéad chuid d'ainm na ríochta ó Laighin (Laigin sa seanlitriú), treibh mhór a bhí lonnaithe sa réigiún.[2] Is éard is brí leis an chuid eile, creidtear, ná an focal Gaeilge "tír", nó an focal sean-Normannach "staðr", focail a bhfuil an brí chéanna acu.

Laighin, cúige Éireann (Hogg, 1784)

Aontaíodh treibheanna Laighean le chéile faoi smacht Úgaine Mór, ardrí a thóg an Dún Ailinne, gar do Chill Chuilinn, meastar. Tá seans maith ann gurb eisean an chéad rí stairiúil ar na Laighean, thiar sa 7ú chéad R.C. Idir na blianta AD 175/185, tar éis tréimhse cogadh cathartha in Éirinn, ath-bhunaíodh ríocht na Laighean ag Cathair Mór seanscéalach. Deirtear gur thóg Fionn mac Cumhaill dún ar Chnoc Alúine, ar imeall Mhóin Alúine.

Sna 4ú agus 5ú haoiseanna AD, tar éis do Magnus Maximus An Bhreatain a fhágáil sa bhliain 383 AD lena léigiúin Rómhánacha, lonnaigh coilínigh desna Laigin i dtuaisceart na Breataine Bige, go háirithe i nInis Món, Carnarvonshire agus Denbighshire.[3]Penrhyn Llŷn i nGwynedd ainmnithe astu.[4]

Sa 5ú haois, tháinig clann Uí Néill chun cinn sna Connachta agus chuireadar críocha san Iarmhí, sa Mhí agus i nUíbh Fhailí faoina smacht agus Uí Eineachghlais agus Uí Failge clóite acu.[5] Rinne ardríthe Uí Néill iarrachtaí an Bóroimhe Laighean a éileamh.

Faoin 8ú haois, bhí dhá rítheaghlach an sa chúige:[6]

Tar éis bhás Mhurchadha mhic Dhúnlainge, rí Laigean deiridh bunaithe i gCill Dara, sa bhliain 1042,[7] tháinig chun cinn as sin amach ríthe Uí Chinnsealaigh bunaithe san oirdheisceart, i gContae Loch Garman an lae inniu.[8]

Tagairtí

🔥 Top keywords: