Cailcít
Foirm mhianrach de charbónáit chailciam, CaCO3, agus an príomhchomhábhar in aolchloch is marmar. Is féidir go dtarlóidh sí mar thoradh ar dheascadh ó thuaslagáin atá saibhir i gcarbónáit chun aolchuisní is aolchoinnle a fhoirmiú agus struchtúr sceireacha coiréalacha a dhéanamh. Faightear criostail thrédhearcacha i ndeascthaí féitheacha, agus tugtar sparra Íoslannach orthu sin. Úsáidtear í i ndéanamh stroighin Portland.[1]
Cailcít | |
---|---|
Siombail cheimiceach | CaCO₃ |
Eapainm | Aol |
Aicmiú | |
Catagóir | Mianra |
Nickel-Strunz 10ú heag. | 5.AB.05 |
Nickel-Strunz 9ú heag. | 5.AB.05 |
Nickel-Strunz 8ú heag. | V/B.02 |
Aicmiú Dana | 14.1.1.1 |
Airíonna | |
Criostalchóras | criostalchóras tríogánach |
Cruas Mohs | 3.04 |
Dath an stríocáin | bán |
Dlús | 2.72 |
Stádas IMA | grandfathered mineral (G) (en) |
Siombail | Cal |
Tagairtí
🔥 Top keywords: